23.11.20 Úsáid na teicneolaíochta sa seomra ranga ETIM (STEM)
23.11.20 Úsáid na teicneolaíochta sa seomra ranga ETIM (STEM)
@ Zoom
Ar líneCláraigh anseo agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar clárúchán ag 12.00 ar an lá: https://gaeloideachas.ie/claraigh/?lang=ga
TÉAMA: Úsáid na teicneolaíochta sa seomra ranga ETIM (STEM) – modhanna praiticiúla spreagúla chun treisiú leis an bhfoghlaim
DÍRITHE AIR: Múinteoirí iar-bhunscoile
AM & ÁIT: 23 Samhain 2020, 19:00-20:00, Zoom
AOICHAINTEOIRÍ: Painéal Múinteoirí ó Coláiste Cois Life , Baile Átha Cliath, atá ag plé le hábhair éagsúla sa suíomh lán-Ghaeilge
Sa cheardlann seo, roinnfidh triúr múinteoirí acmhainní praiticúla agus nodanna maidir le conas an leas is fearr a bhaint as féidearthachtaí na teicneolaíochta chun cur leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc sa seomra ranga iar-bhunscoile STEM. Pléifidh na múinteoirí aipeanna agus bogearraí úsáideacha éagsúla a úsáideann siad lena gcuid ranganna féin – Teams, Quizlet, Kahoot agus go leor leor eile!
Cláraigh anseo agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar clárúchán ag 12.00 ar an lá: https://gaeloideachas.ie/claraigh/?lang=ga