Aonach Amárach – Margadh agus Malartú Éadaí
Aonach Amárach – Margadh agus Malartú Éadaí
@ Club Chonradh na Gaeilge
An bhfuil rún agat a bheith níos inbhuanaithe agus tú i mbun siopadóireachta in 2022? Nó an bhfuil glantachán an Earraigh ar bun agat agus mála mór éadaí le bogadh ón gcófra b'fhéidir? Cuirfear fáilte romhaibh - deontóirí agus custamaeirí - chuig Aonach Amárach!
Dé Sathairn, 15 Eanáir 2022, 11r.n.-3i.n.
Club Chonradh na Gaeilge.
Club Chonradh na Gaeilge.
Ba bhreá linn dá bhfágfadh daoine éadaí ar ardchaighdeán nach bhfuil uathu a thuilleadh sa Siopa Leabhar idir 10r.n.-4i.n. an tseachtain seo, agus beidh fáilte rompu freastal ar an margadh freisin Dé Sathairn.
Beidh €10 ar thicéad ag an doras, agus tugann an ticéad sin cead 5 phíosa éadach a thabhairt abhaile. (€5 ar aon phíosa eile i ndiaidh sin!)
Gach eolas ag instagram.com/aonachamarach