Ceolchoirm Imbolc
Ceolchoirm Imbolc
@ Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich
Ar líne Siamsaíocht Agus EalaínImbolc: Oíche cheoil le fáilte a chur roimh an Earrach
Is féile dhúchasach Cheilteach í Imbolc a thiteann amach idir grianstad an gheimhridh agus cónocht an earraigh. Déanann an fhéile tús an Earraigh a chomóradh agus is siombail í de thorthúlacht an tséasúir agus is cúis áthais é dúinn an fhéile ársa Cheilteach seo a cheiliúradh le plúr an cheoil thraidisiúnta. Linn ar an oíche, beidh an sárcheoltóir, amhránaí agus file iomráiteach Rónán Ó Snodaigh chomh maith leis na deirfiúracha tallannacha Étáin agus Máire Ní Churraoin a chuimsíonn An Chéad Ghlúin Eile. Beidh muid i gcuideachta clann an-chumasach eile fosta, Clann Uí Luachráin de bhunadh Bhéal Feirste agus rachaidh muid a fhad go Contae an Dúin do léiriú ghalánta ceoil a bhuí le Ciara McCrickard, Niall McCrickard agus Stephen Rooney. Beidh an craoltóir agus an t-iriseoir Caoimhe Ní Chathail linn leis an seó a chur i láthair.
Is cuid de thraidisiún ársa réamh-Chríostaí na gCeilteach í Imbolc a chuireann fáilte roimh an solas agus roimh thús an Earraigh. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar laethanta níos sona, is mór an onóir dúinn bheith ag comhoibriú le scoth na gceoltóirí don cheolchoirm seo. Agus mar a dúirt Raiftearaí, ‘Anois teacht an Earraigh agus tá an lá ag dul chun síneadh. Is tar éis na Féil’ Bríde ardóidh mé mo sheol!’
Déanfar an cheolchoirm a shruthú beo ar Facebook agus YouTube na Cultúrlainne Dé hAoine an 5ú Feabhra ag 8:30pm.
is féidir tuilleadh faisnéise faoinár n-imeachtaí, ceardlanna agus cúrsaí go léir a fháil inár gclár atá ar fáil ag www.culturlann.ie
Nasc PayPal: www.paypal.me/culturlann
Tuilleadh eolais: bronagh@culturlann.ie