![](/wp-content/themes/yootheme/cache/78/Logo-an-Oireachtais_leagan-gearr-1-1-e1716814777325-78701509.png)
Comórtas Liteartha 2024
Comórtas Liteartha 2024
ComórtasTáimid anois ag glacadh le hiontrálacha do na Comórtais Liteartha 2024! Tríocha a dó (32) comórtas atá ar chlár na bliana seo – ocht déag (18) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ceithre déag (14) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, iriseoireacht, greannán, drámaíocht agus eile.
Is féidir iarratas a chur isteach ar líne ANSEO nó is féidir cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Spriocdháta Iontrála: 1 Iúil 2024.