Emain Ablach
Emain Ablach
@ An Taibhdhearc
Siamsaíocht Agus EalaínSaothar nua ceoil agus filíochta le Neil Ó Lochlainn agus Aifric Mac Aodha
Is ceoltóir agus cumadóir aitheanta é Neil Ó Lochlainn as Contae an Chláir.Tá sé mar aidhm ag Neil forbairt a dhéanamh ar teanga nua sa gceol comhaimseartha, atá bunaithe ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá sé mar chomhbhunaitheoir agus stiúrthóir ceoil le Ensemble Éiriu (TG4 Gradam Ceoil 2015) agus Cuar.
Samhlaítear ‘Emain Ablach’ mar dhomhain eile sa mhiotaseolaíocht, nó an áit a mhaireann an slua sí. Tarraingíonn Neil inspioráid as luathscríbhneoireacht na Gaeilge, na miotais agus na síscéalta agus léiríonn sé iad ar bhealach nua-aimseartha ceolmhar. Tá an ceol scríofa i dtrí pháirt, a leanann scéal an laochra chuig an domhain eile. Léiríonn sé na heachtraí a tharlaíonn ann agus an turas ar ais i dtreo slánú. Tá an fhilíocht atá scríofa ag Aifric Mac Aodha agus aithriste ag Billy Mag Fhloinn fite fuaite leis an scéal seo.
Tá ensemble de cheoltóirí traidisiúnta, snagcheoil agus comhaimseartha curtha le chéile ag Neil don togra speisialta seo.
Níos mó eolais: www.antaibhdhearc.com
ENSEMBLE
Neil Ó Lochlainn (olldord & feadóg mhór / double bass & flute)
Mark Redmond (píb uilleann / uilleann pipes)
Eoghan Ó Ceannabháin (consairtín / concertina)
Lucia McPartlin & Ultan O Brien (fidil / fiddle)
Eilís Lavelle (cláirseach / harp)
Laura Jurd (trumpa / trumpet)
Colm O'Hara (trombón / trombone)
Sam Comerford (sacsafón / saxophone)
Evi Filippou (vibreafón / vibraphone)
Caitríona Frost, Aidan Dunphy, Brendan Doherty (cnaguirlisí / percussion)
Billy MagFhloinn (Reacaire)