Fís – campa samhraidh ar líne do dhéagóirí
Fís – campa samhraidh ar líne do dhéagóirí
Ar líne Campa SamhraidhTá tallann dhochreidte ag aos óg na linne seo, ní hamháin sna healaíona dúchasacha, ach sa teicneolaíocht chomh maith. Tabharfaidh FÍS deis do dhaoine óga le Gaeilge aithne a chur ar chairde nua agus a gcuid tallainne sna healaíona dúchasacha a fhorbairt le chéile chun saothair nua físe ar ardchaighdeán a chruthú. Nascfaidh an campa seo na gnéithe ealaíne, ceoil agus teicneolaíochta le chéile i bhfóram taitneamhach agus spreagúil.
Beidh scoth na n-áisitheoirí gairmiúla i mbun teagaisc – ina measc: Darach Mac Con Iomaire (Scríobh); Nollaig Ní Laoire (Amhránaíocht); Séamus Ó Flatharta (Damhsa & Ceol); Oisín Mistéil (Teic & Eagarthóireacht); agus Clíodhna Ní Ghabhann (Ealaín).
Dátaí: Dé Luain 19 – Dé hAoine 30 Iúil 2021
09:30 - 12:45
Costas: €120 don chéad duine in aon teaghlach, €100 don dara duine, €300 don tríú duine
Cláraigh ANSEO: www.ealain.ie/fis
Tá an cúrsa seo a reáchtáil ag Stiúideo Cuan faoin gclár Cuisle atá á chomhordú ag Ealaín na Gaeltachta le maoiniú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le díriú ar chur chun cinn na n-ealaíon dúchasach teangabhunaithe mar thaca leis an bpróiseas pleanála teanga.