Forbairt acmhainní i réimse an uathachais (Grúpaí plé do mhúinteoirí)
Forbairt acmhainní i réimse an uathachais (Grúpaí plé do mhúinteoirí)
Ar líne30 Meán Fómhair ag 16.00 ar Zoom
Dírithe ar: Múinteoirí naíonra, múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, mar aon le príomhoidí.
Ba mhaith le Gaeloideachas cuireadh speisialta a thabhairt d’ionadaithe ó naíonraí, bunscoileanna is iar-bhunscoileanna teacht chuig grúpa beag plé Déardaoin, an 30ú Meán Fómhair ag 16.00, le hacmhainní tacaíochta do pháistí naíonra is scoláirí uathacha trí na leibhéil a phlé. Ba bhreá linn bhur gcuid smaointe a fháil maidir le hacmhainní úsáideacha praiticiúla a bhféadfadh Gaeloideachas a fhorbairt agus a chur ar fáil roimh dheireadh na bliana seo. Céard atá ag teastáil uaitse i do ról chun freastal níos fearr ar riachtanais pháistí is scoláirí uathacha? Póstaeir, acmhainní físiúla, scéalta sóisialta, cártaí mothúcháin, acmhainní le scileanna sóisialta agus cumarsáide a threisiú, acmhainní chun cabhrú le strus, imní nó fearg a laghdú, nó acmhainní iomlán eile? Tá bhur gcúnamh uainn le cinntiú go gcuirtear na hacmhainní is luachmhaire agus is mó éileamh do na leibhéil éagsúla ar fáil.
Chuige sin, má bhíonn tú ag plé le páistí nó scoláirí uathacha i do ról agus má tá tú ar fáil le smaointe a roinnt linn, bheadh muid an-bhuíoch díbh as bheith rannpháirteach.
Beidh an plé an-neamhfhoirmiúil agus gairid. Tabharfar deis lena linn le smaointe a mhalartú, ceisteanna a chur agus plé a dhéanamh ar na hacmhainní is luachmhaire a bhféadfadh muid a chur ar fáil daoibh. Úsáidfear seomraí beaga lena linn le cinntiú go mbeidh an plé ábhartha do naíonraí, bunscoileanna is iar-bhunscoileanna. Ní neart go cur le chéile!
Cláraigh anseo: https://gaeloideachas.ie/forbairt-acmhainni-i-reimse-an-uathachais/