![](/wp-content/themes/yootheme/cache/3c/6629_ENE_SnaG_Logo_RGB_AW_Full-Colour_Full-Colour-e1706002716641-2-3c2f42a6.png)
Íóga Teaghlaigh Dátheangach
Íóga Teaghlaigh Dátheangach
@ PAILLIÚN BABHLÁLA NA BHFÁL
Seachtain na Gaeilge le EnergiaIÓGA TEAGHLAIGH DÁTHEANGACH
PÁIRC NA BHFÁL. POINTE CRUINNITHE: BEALACH ISTEACH PAILLIÚN BABHLÁLA NA BHFÁL
Tá cleachtadh speisialta ullmhaithe ag Yoga le Nuala don chlann ar fad. Sa chleachtadh seo rachaidh muid ar thuras le chéile trasna an tSléibhe Dhuibh, áit a mbuailfidh muid le crainn agus le fiadhúlra áitiúil. Tabhair leat do bhlaincéad is fearr leat fá choinne muirnithe teolaí ag deireadh an tseisiún. Is Máthair, Yogi agus Gael bródúil í Nuala as Iarthar Bhéal Feirste.
Tá fáilte roimh an chlann iomlán sa rang seo. Is imeacht dátheangach an t-imeacht seo. Beidh sé fóirsteanach do chainteoirí Gaeilge agus Béarla araon.
Cuirfear matai ar fáil ach tá fáilte romhat do cheann féin a thabhairt leat.
Mar chuid de Chláir Chomhtháthú Pobail Féile an Phobail. Tacaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Tuilleadh eolais anseo.