Bricfeasta as Gaeilge (Sult na Sollán)
11/05/2024
Café Aroma Mocha, Nás na Ríogh
Tagann pobal na Gaeilge le chéile gach Satharn ag 11:00 do Bhricfeasta as Gaeilge I gCafé Aroma Mocha, Nás na Ríogh. Fáilte roimh chách! Tuilleadh eolais: gaeilge@sultnasollan.ie The Irish language community meets every Saturday at 11:00 for breakfast as Gaeilge in the café, Aroma Mocha Café in Naas. Everyone is welcome! For more information: gaeilge@sultnasollan.ie
Pop Up an Chaisleáin
11/05/2024
Caisleán Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, D14 K3T6
Gach Satharn, ag 11:00. Fáilte roimh chách.
Ciorcal Comhrá Dhraíocht
11/05/2024
An Leabharlann, An Leabharlann, Cathair na Mart
Gach Satharn, ag 12:00
Ciorcal Comhrá- Labhair le Lauren
11/05/2024
Óstán an Maighe, An Phríomhshráid, Béal Easa, Co. Mhaigh Eo, F26 X2V4
Gach Satharn, ag 12:00
Maidin Chaife Dhómnach Míde
11/05/2024
Kays Kitchen, Ionad Siopadóireachta Dhómnach Míde, Bóthar na Gráinsí, BÁC
Dé Sathairn, 10:30-12:00
Ciorcal Comhrá i mBaile an Chinnéidigh
11/05/2024
The Coffee Place, The Coffee Place, Baile an Chinnéidigh, Cill Mhantáin
Here to encourage Irish speakers of all levels, from beginners to Gaeilgeoirs to come together in Newtownmountkennedy and practice their spoken Irish in a relaxed and non-judgemental environment. The link to our Facebook Group: Ciorcal Comhrá i mBaile an Chinnéidigh | Facebook If you would like to join but don't use Facebook our email address is ciorcalcomhrantmk@gmail.com
Ciorcal Comhrá Mhullach Craoibhe
11/05/2024
Teach Mhullach Chraoibhe, Ard Mhacha, BT61 9AT
Gach Satharn, ag 09:00- 10:00
Club Leabhar na Linne Dhuibhe
11/05/2024
Leabharlann na Linne Duibhe, An Linn Dhubh, Corcaigh, T23 AP11
An dara Satharn den mhí, ag 14:00
Ciorcal Comhrá Ghuaire
11/05/2024
Óstán Ashdown, Guaire, Co. Loch Garman, Y25 V1D6
Gach Satharn, ag 11:00
#parkrunabú! – Muinchille
11/05/2024
Muinchile, Páirc Fóntais Halton, Bóthar Mhuineacháin, Muinchille
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
AN DRÚCHTÍN AGUS an SEILIDE (IMRAM)
11/05/2024
Leabharlann Sr. an Phiarsaigh, 144 Sr. an Phiarsaigh, BÁC, D02 HE37
Tá fós spás sa gceardlann álainn AN DRÚCHTÍN AGUS an SEILIDE, bunaithe ar leabhar Oein DeBharduin, scéal a shíolraíonn ó thraidisiún béil an Lucht Siúil. Béidh an scéal á insint ag Natalie Ní Chasaide in éineacht le drúchtín, seilide, préachán agus go leor draíochta. Cuirfidh an scéal ag canadh, ag bogadh, agus ag brionglóidí sibh! Caithfear spásanna a chur in áirithe roimh ré, cuir rphost chuig majella@imram.ie le hainmneacha agus aois na bpáistí.
Grindr, Saghdar agus Cher
11/05/2024
McGowans Baile Phib, Baile Átha Cliath, D07 A562
Beidh an dráma Grindr, Saghdar agus Cher ag dul chun stáitse arís ar an 11 Bealtaine i McGowans mar chuid den fhéile Phizzfest. Grindr, Saghdar agus Cher: Tógann fear tuaithe a chéad chéim riamh thar an tairseach isteach i mbeár aerach. Freastalaíonn leispiach ar chóisir na gcearc le scata ban díreach (‘díreach’ mar dhea). Tugann fear bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile. Trí mhonalóg, triúr carachtar LADTA+, trí léargas éagsúla ar aon oíche amháin i mbeár aiteach. Tá ticéid ar fáil anseo: www.eventbrite.ie
Ceardlann Mhanglaim 2.0 le Aimee Ní Chonaing
11/05/2024
Fíbín sa Taibhdhearc, 19 an tSráid Láir, Gaillimh, H91 E2V3
Tá muid ar ais le Ceardlann Mhanglaim 2.0, lenár aoi speisialta, Aimée Ní Chonaing! Bígí linn ar an 11ú Bealtaine i gcafé - an Taibdhearc le haghaidh oíche lán le meascadh comhábhair, píosa craic agus dar ndóigh, manglaim. Cinnte, beidh an cheardlann seo idirghníomhach agus oideachasúil le haghaidh díograiseoirí manglaim de gach leibhéal. Gheofar 3 manglaim le do thicéad. Míle fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge. Tuilleadh eolais anseo: www.tickettailor.com Aois 18+
Ciorcal Comhrá na mBan
12/05/2024
Óstán Castletroy Park, Plassey Park Road, Luimneach, Contae Luimnigh, Éire, V94 TP8Y
An dara agus an ceathrú Domhnach sa mhí, ag 20:00
Ciorcal Comhrá Bhrí Chualann
12/05/2024
The Hibernia, Bóthar na Trá, Bré, Cill Mhantáin
Gach Céadaoin, ag 15.00-17.00 AGUS Gach Domhnach, ag 11:30- 13:00 'Ag cur labhairt na Gaeilge chun cinn'. Fáilte roimh chách. Imeacht sóisialta Má tá spéis agaibh chun blas de theanga an cheantair a bhlaiseadh, bígí ann! Ná déan dearmad na sonraí a roinnt le bhur gcuid gcairde! San Hibernia (teach tábhairne, atá céad meadar ó Stáisiún Uí Dhálaigh, Brí Chualann)
Na Cnocadóirí – siúlóidí sléibhe agus dúlra
12/05/2024
Na Cnoic
Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí sléibhte i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha. * Siúlóidí Sléibhe- Gach dara Domhnach ón 21 Samhain ar aghaidh * Siúlóid sóisialta samhraidh gach Déardaoin ag 6:30pm go dtí deireadh Mhí Lúnasa Bíonn an t-eolas ar fad ar ár suíomh - www.cnocadoiri.com Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn.
Ciorcal Comhrá an Mhargaidh Bhainne
12/05/2024
Margadh an Bhainne, Luimneach, V94 TX29
An dara Domhnach den mhí, ag 12:00-14:00
Ciorcal Comhrá Dhroim Mór
12/05/2024
The Village Table, Droim Mór, an Ómaigh, Tír Eoghain, BT78 3AE
Gach Domhnach, ag 11:00 - 12:00
CNAG Los Angeles- Ciorcal Comhrá
12/05/2024
Gach Luan, ag 09:00(LA) / 17:00(GMT) Gach Domhnach, ag 09:00(LA) / 17:00(GMT)