Rannta agus Scéalta Le Chéile, Dún Dealgan
Rannta agus Scéalta Le Chéile, Dún Dealgan
@ Leabharlann Chontae Lú
Oiriúnach do Theaghlaigh Siamsaíocht Agus EalaínAn tuismitheoir thú ag tógáil clainne le Gaeilge i nDún Dealgan? Nó an bhfuil tuismitheoir sa theaghlach gur mhaith leo cúpla focal nua a fhoghlaim? Bí linn! Bhí seisiún iontach againn le chéile ag tús na míosa seo agus beidh muid ar ais arís i mí Dheireadh Fómhair;
- Rannta & Scéalta Le Chéile
- Dé Sathairn 5 Deireadh Fómhair
- Leabharlann Chontae Lú, Plár Ródain, Páirceanna an Bhaile, Dún Dealgan
- 11:00-12:00
Beidh muid ag bualadh le chéile sa leabharlann le scéal a léamh le chéile, focail nua a fhoghlaim agus rannta agus rímeanna a chleachtadh!
Tá fáilte roimh chách agus gach leibhéal Gaeilge. Má tá tuilleadh eolais uait nó más maith leat clárú, is féidir dul i dteagmháil le Niamh: niamh@glornangael.ie