![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F01%2Fscoil-gheimridh-ceart.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=e12ffec7)
Scoil Gheimhridh Merriman 2021
Scoil Gheimhridh Merriman 2021
@ Ar líne
Ar líneReachtáilfear Scoil Gheimhridh Merriman 2021 ar líne ó 29 – 31 Eanáir. Oidhreacht Cholm Cille atá mar théama ag Scoil na bliana seo, téama atá ag teacht leis an gcomóradh ar 1,500 bliain ó rugadh Colm Cille. Pléifear ionad an naoimh sa stair agus i dtraidisiún na muintire agus cíorfar raon leathan ábhar a bhaineann le cúrsaí teanga, oidhreachta agus cultúir.
Gach eolas: Clár na Scoile
In ainneoin an scoil a bheith ar bun go fíorúil, beidh leagan amach an chlár mórán mar a bhíodh, gan Club Merriman a bheith ann faraor! Beidh cainteanna, agallaimh, léamha filíochta agus próis agus turas ann. Turas fíorúil thart ar láithreacha a bhaineann le Colm Cille i gCeanannas na Mí a bheas ar siúl iarnóin an tSathairn agus seolfar an leabhar Prós Paiteanta: Aistí in ómós do Phádraic Breathnach (Coiscéim) i ndiaidh an turais.
Beidh na himeachtaí ar fad saor in aisce.
Coinnigh súil ar www.merriman.ie freisin le haghaidh tuilleadh eolais le teacht ar na naisc le freastal ar na himeachtaí.
Teagmháil: eolas@merriman.ie nó cumannmerriman@gmail.com