Scoláireachtaí Samhradh
Scoláireachtaí Samhradh
@ Daltaí na Gaeilge
RangBronnann Daltaí na Gaeilge trí scoláireacht gach Bealtaine. Bunaíodh na critéir ar:
- Obair a dhéanann duine ar son na teangan,
- Obair a dhéanann duine ar son Daltaí na Gaeilge, agus
- An iarracht a dhéanann duine chun na Gaeilge a fhoghlaim (Mac Léinn) nó a mhúineadh (Múinteoir).
I mbliana, beidh dhá dhuais ar fáil ($1,000 an ceann). Chomh maith le sin, gheobhaidh Múinteoir táille saor in aisce ó Oideas Gael. Agus beidh scoláireacht eile ann, ar ndóigh, don tSeachtain Gaeilge ag deireadh an tsamhraidh i Stát Nua-Eabhrac.
Spriocdháta: 1 Bealtaine 2023
Seo na Scoláireachtaí 2023:
Mac Léinn (Éirinn)
- $1,000 sa gcaoi go mbeidh mac léinn in ann freastail ar chúrsa Ghaeilge sa nGaeltacht.
Múinteoir (Éirinn)
- $1,000 sa gcaoi go mbeidh múinteoir in ann freastail ar chúrsa do mhúinteoirí sa nGaeltacht.
- Le tamall fada anuas bíonn deis ag an múinteoir seo freastail ar an gcúrsa á thairiscint ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille darbh ainm "Múineadh na Gaeilge". Faigheann an múinteoir lóistín, béilí agus táille ar an gcúrsa sin saor in aisce chomh maith.
Múinteoir nó Mac Léinn (Esopus, Nua-Eabhrac)
- Faigheann an té seo lóistín, béilí agus táille saor in aisce don tSeachtain Ghaeilge a bhíonn eagraithe ag Daltaí na Gaeilge gach samhradh in Esopus, Nua-Eabhrac.
Tá an Fhoirm Iarratais anseo.
Agus seo na Rialacha go léir.