![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F03%2FComhairle-Cathrach-agus-Contae-Phort-Lairge.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=50d0726c)
Seachtain na Gaeilge le Energia sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
Seachtain na Gaeilge le Energia sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
@ Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
Grúpa Comhrá Seachtain na Gaeilge le Energia Tráth na gCeistFilíocht le Róisín - beidh an cúigiú caint i sraith cainteanna arlíne atá á n-eagrú ag Daonscoil na Mumhan don gheimhreadh ar siúl tráthnóna Dé Máirt seo chugainn, 1 Márta óna 7-8.00i.n. Is í an file, drámadóir agus craoltóir Róisín Sheehy a bheidh mar aoichainteoir agus is féidir clárú ar líne don chaint seo agus na cainteanna eile sa tsraith tríd an suíomh idirlíon www.daonscoilnamumhan.com
Seal le Seanchaí - más spéis leat scéalaíocht agus éisteacht le seanchaithe, beidh fáilte romhat a bheith linn don ócáid Seal le Seanchaí, a bheidh ar siúl ar an Déardaoin, 3 Márta ar a 7.00i.n. trí fhíschomhdháil Zoom. Tá an ócáid seo á n-eagrú ag Dún Garbhán le Gaeilge, i gcomhar le hOifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge agus le tacaíocht ó Chiste Sheachtain na Gaeilge. Beidh an Seanchaí áitiúil, Séamus Ó Lonáin mar fhear an tí agus beidh neart seanchais, scéalta, finscéalta agus amhráin roinnte ar an oíche. Is gá clárú roimh ré le Cabríní ag cabrini@glornangael.ie.
Ciorcal na gCiorcal - Beidh seans ag Ciorcail Chomhrá na nDéise teacht le chéile le grúpaí eile don ócáid “Ciorcal na gCiorcal”, atá á n-eagrú ag Coiste Dhún Garbhán le Gaeilge agus Gael-taca, Corcaigh ar an Máirt, 8 Márta. Más suim leat a bheith páirteach, is gá clárú roimh ré ag cabrini01@gmail.com nó trí ghlaoch ar 087 653 2944.
Tráth na gCeist Dátheangach – eagróidh Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge Tráth na gCeist dátheangach ar líne i mbliana ar an Déardaoin, 10 Márta ar a 7.30i.n. agus é oscailte don phobal i gcoitinne. Is gá clárú roimh ré leis an Oifigeach Gaeilge, Máire Seó Breathnach ag msbreathnach@waterfordcouncil.ie
Ceol Cois Tine – craolfar coirmcheoil ‘Ceol Cois Tine’ ar leathanach Facebook Waterford in Your Pocket ar an gCéadaoin, 16 Márta ar a 7.30i.n. Tá an choirmcheoil seo á n-eagrú ag Comhairle na Seanóirí, Port Láirge, le tacaíocht ó Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge agus ó Chiste Sheachtain na Gaeilge. Beidh réimse iontach oirfidigh os na Déise ag glacadh páirte, idir amhránaithe, ceoltóirí agus filí. Táimid ag súil go mór leis.
Seisiún Ceoil le Dungarvan Trad – beidh seisiún ceoil traidisiúnta ar siúl in Óstán Lálor, Dún Garbhán ar a 2i.n. ar Lá Fhéile Pádraig agus beidh fáilte roimh chách. Tá an ócáid seo á reachtáil le tacaíocht ó Chiste Sheachtain na Gaeilge.