Spriocdháta Iontrála na gComórtas Liteartha
Spriocdháta Iontrála na gComórtas Liteartha
ComórtasTáimid anois ag glacadh le hiontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2022. Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897, 125 bliain ó shin, agus é mar aidhm acu deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan, litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn.
Tríocha haon (31) comórtas atá ar chlár na bliana seo – cúig déag (15) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus sé déag (16) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, iriseoireacht, greannán, drámaíocht agus eile. Bronnfar duaischiste de €31,600 thar na comórtais uile.
Tá comórtais úrnua ar shiollobas na bliana seo, ina measc, tá Dráma Raidió (urraithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann) & Comórtas Iriseoireachta don scríbhneoir fásta chomh maith le Gearrscéal nó Aiste ar théama a bhainfidh le gné éigin den Oireachtas le 125 bliain anuas don scríbhneoir óig.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ag an nasc thíos nó déan teagmháil linn ag eolas@antoireachtas.ie má theastaíonn cóip crua den chlár uait.
Glacfar le hiarratais anois suas go dtí 5.00 p.m. Dé hAoine, 8 Iúil 2022.