Stair Cheilte na Logainmneacha
Stair Cheilte na Logainmneacha
Ar líneStair Cheilte na Logainmneacha
Léacht fhíorúil leis an Dr Frances Kane
Aoine 17 Meán Fómhair 2021, 1pm
Tabharfaidh an Dr Frances Kane ó Thionscadal Logainmneacha de chuid Ollscoil na Ríona léacht fhíorúil maidir le bunús agus stair na logainmneacha sa taobh seo tíre. Beidh an léacht ar fáil ar-líne ar chaineál YouTube Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin (nasc thíos) ag 1pm ar an Aoine 17 Meán Fómhair agus ar fáil le hathsheinm arís am ar bith i ndiaidh sin. Teanga na léachta: Béarla. Seo imeacht de chuid chlár Oíche Chultúir 2021 le caoinmhaoiniú ó Oireachtas na Gaeilge.