Tionól Gaeilge UCD – Scoil Samhraidh do Dhaoine Fásta
Tionól Gaeilge UCD – Scoil Samhraidh do Dhaoine Fásta
@ Choláiste Ollscoile BÁC
Féile Léacht nó CaintBeidh Gaeltacht UCD, Ionad Domhanda UCD don Teanga agus don Chultúr ag reáchtáil Tionól Gaeilge UCD, scoil Samhraidh do dhaoine fásta, 27 Meitheamh- 1 Iúil 2022. Seo an 5ú bliain don scoile a bhíonn lonnaithe ar champas Belfield, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, BÁC 2. Beidh ranganna teanga á reáchtáil ag 5 leibhéal i gcomhar le Gaelchultúr agus beidh léachtaí agus ceardlanna cultúrtha sa tráthnóna. Beidh lóistín nua-aimseartha ar fáil ar champas Belfield.
D'oirfeadh an cúrsa seachtaine seo dóibhsean gur mhian leo iad féin a thumadh sa teanga agus barr feabhas a chur ar a gcuid scileanna. Bheadh sé ina buntáiste acusan a oibríonn leis an dteanga cheana féin agus/nó a bheidh ag obair léí sa todhchaí ag éirí as Acht na dTeangacha leasuithe 2021. D'oirfeadh sé dóibhsean freisin a chuireann spéis i staid reatha na teanga agus an cultúr a bhaineann léí. Is deis iontach í an Tionól chun cur led' eolas ar an dteanga agus aithne a chur ar chainteoirí eile.
Is feidir clarú anseo: https://www.ucd.ie/irish/ga/teanga/scoilsamhraidhidirnaisiunta/