Ionad Cois Locha
Is fiontar sóisialta faoi úinéireacht an phobail é Ionad Cois Locha, a bhfuil an Ghaeilge agus traidisiún na háite ina chroílár aige. Is í an phríomhaidhm atá againn ná fostaíocht ina dteanga féin a chur ar fáil don phobal áitiúil. Tugann ár n-ionad oidhreachta léargas ar chaidé mar a bhí an saol faoin tuath in Éirinn i dtús an fichiú haois le taispeántais bheo ar fhíodóireacht, sníomh agus déanamh bréidín. Is féidir leat freisin dul ar thurais báid ar an loch, áit a bhfaighidh tú ceann de na radharcanna is fearr ar Earagail agus ar an nGleann Nimhe.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2023
Ionad Cois Locha is a community-owned social enterprise with Irish language and tradition at its heart. Our mandate is to provide employment for our local community in their native language. Our heritage centre offers a glimpse into early 1900s rural Irish life with live demonstrations of weaving, spinning, and tweed making. You can also embark on guided tours of the stunning lake, surrounded by the breath-taking vistas of Errigal and the Poisoned Glen.