![Raidió na Life Raidió na Life]()
Raidió na Life
Is stáisiún raidió pobail sainspéise é Raidió na Life a bunaíodh in 1993. Cuireann muid seirbhís raidió Ghaeilge ar fáil do Bhaile Átha Cliath ar 106.4 FM agus do dhaoine ar fud an domhain ar raidionalife.ie le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Bígí linn beo ar an aer.
Seol teachtaireacht isteach chuig: 086 6001064
Nó ríomhphost chuig: beo@raidionalife.ie
Íoslódáil Aip Raidió na Life saor in aisce ó Google Play nó iTunes.
Raidió na Life is a community radio station established in 1993. We provide an Irish language radio service for Dublin on 106.4 FM and for people around the world on raidionalife.ie with the support of Foras na Gaeilge.
Imeachtaí
01/03/2022
Ceachtanna spraíúla ó Raidió na Life do pháistí bunscoile Tá Raidió na Life ag cur an ‘Spraoi’ isteach i gceachtanna trí Ghaeilge do pháistí scoile an tseachtain seo mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2022, agus glúin nua de láithreoirí raidió Gaeilge á spreagadh chun an teanga a labhairt ar na haerthonnta! Mar chuid den tionscadal seo, tá sraith spraíúil d’acmhainní foghlama ar líne á cur ar fáil ag Raidió na Life saor in aisce do Ghaelscoileanna, agus do scoileanna nach Gaelscoileanna iad freisin. Beidh scileanna raidió á múineadh do pháistí agus an Ghaeilge á cur chun cinn ar bhealach...