
Teach Solais Fhánada 🥇
Is fiontar sóisialta neamhbhrabúis atá i dTeach Solais Fhánada, atá reachtáilte ag coiste deonach áitiúil, Forbairt Fhánada Teoranta. Is í an áit shuaitheanta is mó a thaitníonn le turasóirí í leithinis Fhánada, ceantar ina bhfuil áilneacht nádúrtha ar fheabhas agus a bhfuil mórán le hofráil don chuairteoir – tránna gainmheacha cúlráideacha, siúlóireacht agus cnocadóireacht, cadhcáil, galf, iascaireacht, agus fáilte chroíúil Dhún na nGall.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022
Fanad Lighthouse is a not-for-profit social enterprise run by voluntary local committee Forbairt Fhánada Teoranta. It is the flagship visitor attraction of the Fanad peninsula, an area of outstanding natural beauty which has much to offer the visitor – secluded sandy beaches, hiking and hillwalking, kayaking, golfing, angling and a warm Donegal welcome.