Tá sé deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne nár chaith Foras na Gaeilge €700,000 den bhuiséad a ceadaíodh dóibh anuraidh.
Ar Nuacht a hAon ar RTÉ RnaG a shoiléirigh an tAire Stáit an méid sin i ndiaidh gur theip ar Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge déanamh amhlaidh.
Mar a tuairiscíodh anseo ar dtús, níor chaith an Foras Teanga €13.325 milliún den €14.028 milliún a cheadaigh Roinn na Gaeltachta dóibh do 2018.
Tugtar le fios i dtuarascáil de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nár chaith an Foras Teanga €703,000 in 2018 mar gheall ar gan oiread dul chun cinn a bheith déanta ar thograí áirithe is a bhíothas ag súil leis.
Chomh maith leis sin, luaitear go raibh rátaí malairte airgid ‘buntáisteach’ anuraidh ann agus nár tháinig íocaíocht cnapshuimeanna pinsin a rabhthas ag súil leo i gceist.
Tá sé tagtha chun solais anois chomh maith nár chaith an Foras Teanga €481,000 den mhaoiniú a cuireadh ar leataobh dóibh in 2017, rud a fhágann nár éirigh leis an bhForas nach mór €1.2 milliún dá mbuiséad a chaitheamh idir 2017 agus 2018.
Ní raibh Roinn na Gaeltachta sásta a rá le Tuairisc.ie cé mhéid den €703,000 nár caitheadh in 2018 a bhain le Foras na Gaeilge agus cé mhéid de a bhain le Gníomhaireacht na hUltaise, an dá eagraíocht a dtugtar an Foras Teanga orthu.
Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc.ie nárbh eol dóibhsean ar bhain an t-airgead nár caitheadh leosan.
Ach dheimhnigh Seán Kyne inniu gur le Foras na Gaeilge a bhain an t-airgead nár caitheadh, deimhniú a fhágann go bhfuil brú á chur anois ar an eagraíocht trasteorann ceisteanna a fhreagairt faoin easpa caiteachais.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn ar Nuacht a hAon go raibh “díomá” air faoin scéal agus go raibh sé “níos deacra” cás a dhéanamh d’airgead breise don Ghaeilge nuair atá airgead “ag dul ar ais”.
Bheadh sé ag súil go míneofaí an scéal, a dúirt de Spáinn.