Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cead-cosc-a-chur-ar-dhaoine-an-baile-a-fhagail-agus-finealacha-suas-le-e2,500-molta-i-reachtaiocht-eigeandala

Cead cosc a chur ar dhaoine an baile a fhágáil agus fíneálacha suas le €2,500 molta i reachtaíocht éigeandála

| Tuairisc.ie | , ,

Moltar i reachtaíocht éigeandála a foilsíodh aréir go mbeadh an chumhacht ag an Rialtas cosc a chur ar dhaoine an baile a fhágáil agus fíneáil suas le €2,500 a ghearradh sa chúirt ar dhuine a sháródh an cosc sin nó srianta nua eile.

De réir an Health Preservation and Protection and other Emergency Measures in the Public Interest Bill 2020, bheadh sé cheart ag an Rialtas cosc a chur ar dhaoine teacht agus imeacht ón Stát agus teacht agus imeacht laistigh den stát. Bheadh an chumhacht ag an Rialtas chomh maith cosc a chur ar ócáidí áirithe agus daoine a mheastar a bheith buailte ag Covid-19 a choinneáil. Thabharfadh an Bille an chumhacht chomh maith don Rialtas ordú a thabhairt do thithe tábhairne, bialanna agus gnóthaí eile dúnadh.

Dá nglacfaí leis an dréachtreachtaíocht bheadh sé de chumhacht ag an Rialtas ordú a thabhairt do dhaoine fanacht ag an baile. Tá foráil sa bhille nua chomh maith maidir leis an híocaíochtaí atá le tabhairt do dhaoine atá dífhostaithe de bharr scaipeadh an víris.

I ráiteas speisialta teilifíse, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar aréir go bhféadfadh go n-iarrfaí sa tréimhse amach romhainn ar dhaoine atá amach san aois agus daoine a bhfuil tinnis orthu fanacht ag baile ar fad ar feadh roinnt seachtainí.

Dúirt an Taoiseach aréir gur “ag tarraingt a hanála atá an stoirm” fad is a bhain sé le scaipeadh Covid-19 in Éirinn.

Dúirt sé go bhféadfadh go mairfeadh an ghéarchéim sa tsláinte phoiblí go dtí amach sa samhradh, i bhfad i ndiaidh an 29 Márta.

Dúirt sé gurb í “fírinne an scéil” nach “eol dúinn go fóill” cén fhad a mhairfeadh an ghéarchéim agus na srianta atá á gcur i bhfeidhm in iarracht moill a chuir ar scaipeadh an ghalair.

D’iarr an Taoiseach ar dhaoine “cur le chéile trí fanacht amach óna chéile” agus an scoitheadh sóisialta a chleachtadh.

Dúirt sé nach ndéanfaí dearmad go deo ar Lá Fhéile Pádraig na bliana seo. Bheadh páistí an lae inniu ag insint dá bpáistí féin amach anseo faoinar tharla, a dúirt sé.

“Bíodh sé le rá acu, ‘nuair ba mheasa an cás, sin an uair ab fhearr sinn’,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach raibh aon amhras ann ach go dtiocfadh “ardú géar” ar líon na gcásanna deimhnithe de Covid-19 sna seachtainí romhainn amach.

Dúirt sé go bhféadfadh 15,000 cás a bheith ann ó dheas faoi dheireadh na míosa agus go dtiocfadh ardú arís ar líon na gcásanna ina dhiaidh sin. Ní bheidh gá ag formhór de na daoine a bheidh buailte ag an ngalar le cúram san ospidéal, ach beidh dianchúram leighis ag teastáil ó roinnt acu agus gheobhaidh cuid acu bás, a dúirt sé.

Dúirt sé go mairfeadh lorg na géarchéime ar feadh i bhfad gus go mbeadh “bille” mór le híoc ar feadh blianta ina diaidh.

Dúirt sé gur rud nádúrtha a bhí ann go raibh “eagla” ar dhaoine agus mhol sé do dhaoine cúram a dhéanamh dá meabhairshláinte agus gan an iomarca ama á chaitheamh ag faire scéal an víris ar na meáin agus ar na meáin shóisialta. Dúirt sé freisin gur chóir do dhaoine a gcuid eolais agus nuachta a fháil ó fhoinsí iontaofa amháin.

Ach cur le chéile, d’fhéadfaí an cuar a chothromú, a dúirt sé, is é sin moill a chur le scaipeadh an ghalair sa chaoi nach ligfí do líon na n-othar atá buailte ag Covid-19 ardú róthobann ar eagla go gcuirfí iomarca brú ar an tseirbhís leighis agus go dteipfeadh sí faoin mbrú sin.

Gheall an Taoiseach go gcuirfí “na hacmhainní go léir atá ann, idir daoine agus airgead” ar fáil chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Tréimhse “fhíordheacair” a bhí roimh chách, ach thiocfaí slán as an éigeandáil, ar sé.

“Beidh linn,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Paul Reid Pictiúr: Sasko Lazatov/Photocall Ireland

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid inné gur ‘rás in aghaidh an chloig’ atá ar siúl maidir leis na hiarrachtaí atá ar bun moill a chur le scaipeadh Covid-19.

Deimhníodh 69 cás nua de Covid-19 ó dheas den teorainn inné, níos mó ná dúbailt líon na iomlán na gcásanna a bhí ann seachtain ó shin.

354 cás de Covid-19 atá deimhnithe anois in Éirinn, 292 cás ó dheas den teorainn agus 62 cás ó thuaidh di.

10 gcás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh inné.

1,338 duine a tástáladh ó thuaidh go dtí seo, i gcomparáid le 6,600 duine ó dheas. Beirt atá básaithe go dtí seo in Éirinn de bharr an ghalair.

Thug an HSE le fios chomh maith inné go bhféadfadh go rithfí amach as fearais tástála agus ardú mór millteach tagtha ar líon na ndaoine atá buartha go bhfuil an coróinvíreas tolgtha acu.

Táthar ag súil le 30,000 gléas tástála a fháil Déardaoin, ach dúirt Príomhoifigeach Oibríochtaí an HSE Anne O’Connor go bhféadfadh sé tarlú go rithfí amach as maipíní an lá céanna dá mbeadh aon mhoill ar a seachadadh.

Cuireadh 124,000 glaoch ar líne chabhrach an HSE ag an deireadh seachtaine, líne a fhaigheann thart ar 500 glaoch sa lá de ghnáth.

Tá 300 aerálaí faighte ag an HSE agus 800 ar fad atá anois acu. Beifear ag fáil 100 aerálaí sa bhreis sa tseachtain as seo amach, a dúradh. Dúirt ceannasaí an HSE. Paul Reid, go mbeifí ag caint sna laethanta amach romhainn le lucht na n-ospidéal príobháideach maidir le soláthar leabaí agus áiseanna eile.

Seoladh inné mórfheachtas earcaíochta don HSE, feachtas atá á reáchtáil faoin mana ‘Be On Call for Ireland’.

Cuireadh tús leis an bhfeachtas tráth a bhfuil ardú as cuimse ag teacht ar líon na dtástálacha don víreas atá á gcur ar dhaoine agus tráth a bhfuil ardú mór á thuar ar líon na gcásanna de Covid-19.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inné gur mhian leis go n-earcófaí duine ar bith atá cáilithe chun obair don tseirbhís sláinte. Tá scríofa chomh maith ag an HSE le hoibrithe sláinte atá éirithe as féachaint an gcabhróidh siad leis an iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Dúirt an tAire Sláinte go bhféadfadh go mairfeadh lorg an choróinvíris ar an saol ar feadh “roinnt mhaith míonna” nó níos faide ná sin fiú.

Tuairiscíodh aréir go raibh Páirc an Chrócaigh le bheith ina hionad tástála náisiúnta do Covid-19.

Ionad tástála carrsheirbhíse i gceannáras Chumann Lúthchleas Gael agus beidh gá le coinne chun tástáil a fháil. 19 ionad tástála a bhí inné agus tá 15 ionad eile le bunú sna laethanta amach romhainn.

Táthar den tuairim go bhfógrófar ardú suntasach eile ar líon na gcásanna deimhnithe den ghalar sna laethanta amach romhainn.

Táthar ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann tacú leis na bearta ar fad atá fógartha ag an Rialtas agus na húdaráis sláinte le dul i ngleic leis an ngalar a bhfuil an saol curtha bun os cionn aige ar fud an domhain na mílte curtha den saol aige.

Táthar ag iarraidh ar gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir.

Táthar ag iarraidh chomh maith ar dhaoine an scoitheadh sóisialta (social distancing) a chleachtadh, is é sin fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón ngalar seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

Bíonn comharthaí an ghalair níos tromchúisí i gcásanna áirithe seachas a chéile. Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

Níos mó