Fógraíodh tráthnóna go raibh 44 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas.
Fógraíodh 53 bás ar fad in Éirinn inniu.
946 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 730 duine ó dheas den teorainn agus 216 duine ó thuaidh di.
Maidir le líon na ndaoine in ionaid chúraim a bhásaigh go dtí seo, bhain 502 bás le tithe altranais agus ionaid chúraim eile.
Deimhníodh i saotharlann baint a bheith ag Covid-19 le 394 de na cásanna sin, nó 54% den 730 bás atá deimhnithe go dtí seo. Meastar go raibh Covid-19 ar 108 duine eile in ionaid chúraim a fuair bás.
Bhí 287 braisle cás sna hionaid chúraim agus bhain 186 acu sin le tithe altranais.
Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna go raibh naonúr duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe in ospidéil an Tuaiscirt. Meastar go bhféadfadh líon na marbh ó thuaidh a bheith aon trian níos airde ná mar a tuairiscíodh go dtí seo.
Maidir leis an 44 bás is déanaí a fógraíodh ó dheas, bhí 37 duine san oirthear, bhain beirt leis an iarthar agus i ndeisceart na tíre a bhí an triúr eile.
Bhí fadhbanna sláinte eile ag 82% acu.
Deimhníodh 388 cás eile den ghalar, rud a fhágann go bhfuil 16,040 cás deimhnithe ó dheas.
Tá 156 duine in aonaid dianchúraim, de réir na bhfigiúirí is déanaí agus scaoileadh amach 105 duine eile a bhí sna haonaid sin.
46 duine a bhásaigh sna haonaid dianchúraim.
Idir an dá linn, tá cosc curtha ar aon ócáid a mbeadh níos mó ná 5,000 i láthair aici go dtí tús mhí Mheán Fómhair ar a luaithe.
Fágann sin nach mbeidh aon cheolchoirmeacha móra ná ócáidí móra spóirt ar siúl in Éirinn an samhradh seo.
Dúradh i ráiteas tráthnóna go raibh ráite ag an Rialtas leis na húdaráis áitiúla gan ceadúnas a thabhairt go dtí tús mhí Mheán Fómhair do lucht eagraithe aon ócáid a mbeadh níos mó ná 5,000 ag freastal uirthi.
Phléigh an rialtas an cosc tráthnóna agus glacadh leis.
Dúradh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcosc bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.
Tá Comórtas na mBailte Slachtmhara i measc na n-ócáidí eile atá curtha ar ceal agus seo an chéad uair le 26 bliain nach reáchtálfar an comórtas sin.