AR SCÁTH A CHÉILE: Ríomhleabhar Cré na Cille le fáil saor in aisce
Ríomhleabhar Cré na Cille le fáil saor in aisce
Tá leagan digiteach de Cré na Cille le fáil saor in aisce an tseachtain seo. Tá sé beartaithe ag Cló Iar-Chonnacht ríomhleabhar a chur ar fáil in aisce gach seachtain óna siopa ar líne agus is é mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain an chéad cheann atá curtha ar fáil acu.
“Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, beidh muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie ón 13ú Aibreán, 2020, go dtí go mbeidh deireadh leis an ngéarchéim,” a deir Cló Iar-Chonnacht.
Tá lascaine suas le 50% ar ríomhleabhair eile atá ar fáil ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht faoi láthair chomh maith.
Tá deis ag daoine Cré na Cille a íoslódáil saor in aisce anseo go dtí Dé Luain seo chugainn, an 20 Aibreán. Beidh an leagan digiteach ar fáil do Kindle, iPad agus léitheoirí eile nach iad.