Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar tí an liosta siomptóm do Covid-19 a leasú tráth a bhfuil céatadán na dtástálacha dearfacha tite go dtí 2.5%.
Tá sé i gceist an galar anosmia, an cumas boladh a fháil a bheith caillte ag duine, á chur le liostaí comharthaí nó siomptóim an Covid-19.
Tá údaráis sláinte na Breataine tar éis an éalang sin a chur le liosta na siomptóm ba chóir do dhochtúirí súil a choinneáil orthu agus othar á mheas acu.
Tá sé luaite ag dochtúirí sa tír seo freisin go raibh an tsrón ag cur as d’othair atá buailte ag Covid-19.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte:
“Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le chéile arís an tseachtain seo. Beimid ag breathnú arís ar an sainmhíniú ar chás den víreas ó tharla go bhfuil an ráta cásanna dearfacha ag titim agus an acmhainn tástála treisithe.”
Faoi mheán oíche Dé Luain, 295,626 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.
Rinneadh 36,818 tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 932 duine, nó 2.5% de na daoine a tástáladh, i gcomparáid le 3.3% seachtain ó shin.
Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL) gur dea-scéal é nach raibh aon mhéadú mór tagtha ar líon na ndaoine a deimhníodh go raibh an galar orthu in ainneoin go raibh na critéir do thástáil níos boige ná mar a bhí.
“Cé gur leathnaíodh an sainmhíniú ar chás den ghalar agus cé go bhfuil níos mó daoine á gcur ar aghaidh le tástáil ag dochtúirí teaghlaigh, tá líon na ndaoine acu sin a fhaigheann toradh dearfach ar an tástáil ag titim i gcónaí. Léiríonn sé sin go bhfuil Covid-19 faoi chois i gcónaí sa phobal,” arsa De Gascun
49,891 tástáil don ghalar atá déanta sa Tuaisceart.
D’fhógair an Roinn Sláinte inné go raibh 16 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.
51 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ón 14 Márta, 66 lá ó shin.
2,050 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,561 duine ó dheas den teorainn agus 489 ó thuaidh di.
Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.
D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart go raibh seachtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.
28,672 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,251 cás ó dheas den teorainn agus 4,421 cás ó thuaidh.
D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 976 den 1,561 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 859 de na cásanna sin, nó 54% acu, le tithe altranais.
Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.
71 ráig den ghalar a deimhníodh in ionaid chúraim an Tuaiscirt agus meastar go raibh ráig i 33 ionad eile. De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) bhain nach mór leath de na básanna de dheasca Covid-19 go dtí seo le hionaid chúraim.
De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,176 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh:
- Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
- An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
- Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,143 duine, 13%
- As na daoine sin, cuireadh 390 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
- Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,661 cás, 31.5%
- I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 11,759 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit, le 1,379 cás, nó 6%, agus Corcaigh a bhí sa tríú háit le 1,372 cás, nó 5%
- 438 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.8%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.3%), 477 cás bhí i nDún na nGall (2%), 147 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%) agus 782 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%)
- Scaipeadh sa phobal ba chúis le 60% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 37% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%