Ceadaíodh san Ard-Chúirt inniu athbhreithniú breithiúnach do chomharchumann Ráth Chairn chun dúshlán an Bhoird Pleanála a thabhairt maidir le cinneadh cead pleanála a thabhairt d’óstán 30 seomra agus scéim 25 teach sa bhaile beag Gaeltachta.
An Breitheamh Bronagh O’Hanlon a cheadaigh an t-athbhreithniú breithiúnach a gcuirfear tús leis ar an 22 Meán Fómhair.
Thug an Bord Pleanála cead an mhí seo caite don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa, fear gnó as an áit.
Deir an Comharchumann, áfach, gurb amhlaidh go “scriosfadh” an fhorbairt “na hiarrachtaí” a rinne muintir an cheantair “ó thús” an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail.
Mhol cigire ón mBord Pleanála nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa mar gheall ar an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh don Ghaeilge agus mar go raibh amhras air faoi cé acu an mbeadh éileamh ar a leithéid.
Chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt, áfach, agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
Dúirt Colm Ó Gríofa go ndíolfaí leath de na tithe le cainteoirí Gaeilge ach dúirt an Bord Pleanála gur ghá an céatadán sin a ardú go dtí 70%. Deir Comharchumann Ráth Chairn, áfach, nach bhfuil aon chóras ceart ann a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm.
Maíonn Comharchumann Ráth Chairn chomh maith go raibh locht ar an gcuid den phróiseas faoinar deineadh measúnú ar úsáid na Gaeilge sa cheantar agus go bhfuil staid na teanga níos leochailí ná mar a tugadh le fios.
Maíonn siad chomh maith gur dhein an Bord Pleanála neamhaird ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint mionteangacha.