Tá cúigear déag ceaptha ar Chomhairle Lucht Féachana nua TG4 don tréimhse 2020-2025.
Cuireann an Chomhairle aiseolas ar fáil do lucht ceannais an stáisiúin maidir le raon agus caighdeán an ábhair a chraoltar ar an gcainéal.
Is é an tráchtaire agus iarshaighdiúir Frank Reidy, atá ar Bhord TG4, atá ceaptha ina Chathaoirleach ar an gComhairle agus tá ceathrar déag comhaltaí eile ceaptha.
Is iad an ceathrar déag atá ceaptha ar an gComhairle nua ná: Jamie Mac Uigínn as Gaoth Dobhair; Ruth Lysaght as contae na Mí; Siobhán Ní Chróinín as Baile Bhuirne; Ceithleann Ní Dhúlacháin as Gaoth Dobhair; Jamie Ó Flannúra ón nDaingean; Dónall Ó Cnáimhsí as Gaoth Dobhair; Máire Áine Uí Ailín as Eanach Mheáin; Niamh Ní Chonghaile as Iorras Aithneach; Dáithí Ó Murchú as Baile Átha Cliath; Catherine Quinn as Fear Manach; Máirtín Seoige as Ros Cathail; Orlaith Ruiséal as Baile an Fheirtéaraigh; Ríoghnach Nic Craith as an Rinn; agus Úna-Minh Caomhánach as Ciarraí.
Bíonn dhá chruinniú sa bhliain ag an gComhairle agus é mar phríomhaidhm acu tuairimí agus leasanna an phobail i gcoitinne a chur in iúl do Bhord TG4.
Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas reachtúil ar TG4 comhaltaí a cheapadh atá “ionadaíoch ar an phobal féachana agus éisteachta agus, go háirithe, ar phobail Ghaeltachta” agus atá in ann cumarsáid inniúil a dhéanamh as Gaeilge.