Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Maisc agus moltaí

| 1 | ,

Concubhar Ó Liatháin

Léigh mé litir sa ‘Newsletter’ le seachtain anuas inar mhaígh an scríbhneoir gur thárla go raibh sé ó dheas den teorainn agus ag siopadóireacht le déanaí. Chuir sé iontas ar an scríbhneoir go raibh mascanna á gcaitheamh ag gach éinne agus chuir sé locht ar dhlíthe danartha an tSaorstáit.

“Ní bheidh mé ag dul ó dheas ag siopadóireacht arís,” dhearbhaigh mo dhuine do léitheoirí an Newsletter. Is orthu a raibh faoiseamh, gan amhras.

Léiríonn an litir seo an mearbhall atá ar roinnt daoine i dtaobh mascanna a bheith á gcaitheamh ag daoine chun iad féin agus a gcomhshiopadóirí nó a gcomhthaistealaithe (ar bhusanna is módhanna eile iompair phoiblí) a chosaint ar an víreas.

Níl an riail seo i bhfeidhm ach le seachtain ó dheas ar na busanna is na traenacha – agus is ‘comhairle’ atá i gceist maidir le siopaí. Ní raibh gá le riail ná reacht i ndáiríre mar go bhfuil daoine chun tosaigh ar na dlíthe agus ar na polaiteoirí. Aithnímid gur ar ár leas é na mascanna a chaitheamh chun sinn féin a chosaint ar an ngalar seo.

Is cinnte go bhfuil teachtaireachtaí ag teacht salach ar a chéile ó pholaiteoirí nó mothaíonn leithéidí Sammy Wilson ón DUP go mbaineann masc óna bhfearúlacht. Ar ndóigh ní hé seo an chéad uair a dhiultaigh an fear céanna do bhall éadaigh a chuirfeadh a fhearúlacht faoi cheilt.

An deacracht is mó le ceist na mascanna ná go bhfuil sé tar éis éirí snaidhmthe i gcoimhlint pholatúil na Sé Chontae.  Ní hé seo an chéad uair a tharla a leithéid le linn na paindéime.

Ó dheas den teorainn ní raibh na teachtaireachtaí soiléir i gcónaí agus deineadh botúin gan amhras – ach ní raibh troid ar bun idir ceannairí na bpairtithe éagsúla ar bhonn seicteach mar a bhí ó thuaidh cuid mhaith den am, mar a samhlaíodh domsa é ar aon nós.

Shroich an teannas seo an bhuaic nuair a tharla sochraid iarcheannaire an IRA, Bobby Storey. Thuigfeadh éinne a bhfuil aon tuiscint acu ar chúrsaí na coimhlinte ar an oileán seo cén fath a dteastódh ó phoblachtánaigh ‘socraid stáit’ a thabhairt don bhfathach fir (chomh fada is a bhaineann sé le hiarbhaill den iar-IRA ar aon nós) ach ní raibh cuma mhaith ar na híomhánna a seoladh ar fud na hÉireann ó Bhaile Andarsan.

Na sluaite daoine amuigh ar na cosáin ag léiriú ómóis, daoine nach baill de theaghlach Bhobby – ceannairí Shinn Féin – ag siúl ar chúl an eileatraim ina raibh a thaisí agus gan duine acu ag caitheamh masc. Ba é an chuid is lú de seo a ndearnadh trácht air ná gur cailleadh an t-iar-óglach mar gur theip ar obráid thrasphlandaithe scamhóg thall i Sasana nuair gur víreas a ionsaíonn an córas análaithe é COVID-19.

Ní hé ná raibh socraid stáit ann ó dheas ní go rófhada ó shin agus ómós á thabhairt ag airí stáit is eile do Colm Horkan, an Bleachtaire Garda a maraíodh i Maigh Eo. Is cinnte go bhféadfadh baill Shinn Féin a bheith ag scairteadh amach ar na meáin shóisialta faoin bhfimíneacht ach, i bhfirinne, fiú má bhí an ceart acu, ní raibh sin chun treo na gaoithe a athrú.

Mar gheall ar an méid a thit amach ós comhair an tsaoil ag sochraid Bhobby Storey, dhiúltaigh Arlene Foster seasamh isteach i bpreasócáidí le Michelle O’Neill ar feadh scaithimh. Níor chabhraigh socraid Storey léi siúd mar gheall gur tháinig sé roimh an Dóú Lá Déag agus go raibh na hOird Dhílseacha agus a lucht leanúna ag faire go corrthónach ar chúrsaí agus ag fiafraí díobh féin cén gá a bheadh acu fanacht sa bhaile ó na mórshiúlta traidisiúnta.

Mar sin féin d’fhan siad sa bhaile agus i mbliana bhí an Dóú Lá Déag ba shíochánta ag an tuaisceart ná mar a bhí acu ar feadh na mblianta fada. Ní hé sin le rá ná raibh an teannas géar.

Tá sé ríshoiléir gur cheart go mbeadh rialacha is teachtaireachtaí mar an gcéanna ag teacht ó cheannairí polatúla i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath, chomh fada is a bhaineann sé le daoine a chosaint ar an víreas. Baineann seo le mascanna, éascú na srianta agus ceisteanna eile ar nós cjomhaireamh na mbásanna is na gcásanna. Tá sé náireach agus do-chosanta nach féidir an aip rianaithe teagmhálaithe a úsáid ó thuaidh nuair atá daoine ag taisteal trasna na teorann i rith an ama. Tá seantaithí againn ar an gheobhlocáil ar chraoladh ócáidí spóirt agus ní thaitníonn sin linn ach is amhlaidh go ngéaraíonn an easpa comhordaithe ar cheist na haipe an chontúirt atá ann ó COVID dúinn go léir. Má théann duine ó thuaidh thar an teorainn is nach féidir leis an aip a íoslódáil nó nach n-oibríonn sé i gceart, agus má tholgann an duine sin aicíd, an mbeidh cumas ann teagmhálaithe an duine sin a chur ar an eolas go raibh siad cóngarach do dhuine a raibh an galar air?

Tá cuid mhaith den locht as seo ar cheannairí an deiscirt atá, in ainneoin a gcuid geallúintí ar fad, tar éis pobal an tuaiscirt a ligean i ndearúd. Ní hé tráth COVID an chéad uair a tharla seo – agus ní hé an tráth seo an uair dheireanach a tharlóidh sé ach chomh beag.

Tá deacracht eile ann, freisin, sa mhéid is go bhfuil Sinn Féin i gcumhacht ó thuaidh is sa bhfreasúra ó dheas. Is dhá ról éagsúla iad seo agus tá sé deacair a bheith i gcumhacht  ó thuaidh agus ag comhoibriú leis an Rialtas i mBaile Átha Cliath nuair atá do leathbhadóirí á cháineadh go géar ó dheas.

Cothaítear deacrachtaí eile nuair atá Sinn Féin ag moladh gaol níos láidre le rialacha Bhaile Átha Cliath maidir le COVID, go n-aithneofaí an t-oileán mar aonad amháin mar shampla, ach go spreagann seo drochamhras na n-aontachtóirí a chreideann go bhfuil COVID anois i dteannta le Brexit á mbrostú i dtreo imeacht ón Ríocht Aontaithe.

Ar an láimh eile, is beag creidiuint is féidir a thabhairt do bhuaileam sciath an DUP agus an UUP agus iad ag rá go léiríonn an tslí ar chaith Rialtas na Breataine le COVID neart an aontais. Is macalla lagbhríoch é seo ar bhaoth óráidíocht Bhoris Johnson nach gcuirfidh aon bhó thar abhainn.

Is créatúr neamhpholatúil agus neamhsheicteach é COVID-19. Tá sé beag beann ar shaibhir is ar dhaibhir, ar shaoithe agus ar dhaoithe, buaileann sé duine ar bith a chastar leis go mífhortúnach. Ní bhacann sé le geoblocáil.

Is cosaint shuarach ach éifeachtach é an masc agus tuigeann daoine é sin. Níl aon dlí in aghaidh masc a chaitheamh, dála an scéil. Ní dócha gur gá dom seo a rá ach déarfaidh mé ar aon nós é.  Is beag an dochar a dhéanfaidh athrá. Ná fan ar riail nó reacht chun tú féin a chosaint. Cuir ort an masc – tá sé níos éasca a chaitheamh ná feadán análóra a bheith sáite siar do scórnach in aonad dianchúraim i bhfad ó do chlann, do ghaolta is do chairde. Ní raibh an seanrá Ghaeilge riamh chomh fíor is chomh riachtanach: Ar scath a chéile a mhaireann na daoine.

Níos mó