Amhrán nuachumtha le hAnraí Ó Domhnaill
Tá amhrán úr cumtha ag an Chonallach aitheanta Anraí Ó Domhnaill dar teideal ’Wildfire In The Hills’.
Tá páirt á glacadh ag Anraí agus a chlann sna comórtais ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag Oireachtas na Samhna le blianta anuas, agus neart gradam buaite acu uilig thar an tréimhse sin.
Chum Anraí an t-amhrán dar teideal ‘Wildfire In The Hills’ anuraidh le haghaidh Fhleadh Cheoil na hÉireann, áit ar bhain sé duais ar a shon.
Chuir Anraí peann le páipéar i ndiaidh do thine scrios ollmhór a dhéanamh ar a cheantar dúchais, sna Rosa i nGaeltacht Thír Chonaill thar dheireadh seachtaine na Cásca anuraidh.
Bhí na céadta acraí ó Loch an Iúir, go hAnagaire, Mullach Dubh agus chomh fada siar le Béal na Cruite dóite agus scriosta ag an tine mhór.
Thóg sé dhá ingearán, 15 aonad dóiteáin, an t-arm, chomh maith le scaiftí den phobal leis an tine a mhúchadh.
Níor gortaíodh aon duine, ach dódh cúpla teach agus rinneadh scrios iomlán ar na caoráin agus ar an dúlra sa cheantar.
An rud is mó a spreag Anraí leis an amhrán seo a scríobh ná an spiorad sa phobal agus an dóigh ar tharraing muintir na háite le chéile in am an ghátair.
Bhí Anraí ag iarraidh aitheantas a thabhairt do na céadta ban, fear agus páistí a tháinig le chéile le troid in éadan na tine, lena gcuid tithe féin agus tithe a gcomharsan a shábháil agus an dóigh ar chuidigh siad agus ar thug siad tacaíocht dá chéile agus do na seirbhísí éigeandála.
Chomh maith leis seo bhí sé ag iarraidh taifead a dhéanamh den eachtra seo, lá nach ndéanfaidh muinitr na Rosann dearmad air choíche!