Tá an Teachta Dála as Maigh Eo, Dara Calleary éirithe as a phost mar Aire Talmhaíochta agus Mara tar éis dó leithscéal a ghlacadh aréir faoi shárú a dhéanamh ar shrianta an Rialtais le dul i ngleic le Covid-19.
D ‘fhreastail sé ar ócáid de chuid Chumann Gailf Thithe an Oireachtais in Óstán an Stáisiúin ar an gClochán, contae na Gaillimhe arú aréir ag a raibh 81 duine eile i láthair. Ní cheadaítear ach 50 duine ar a mhéid a bheith i láthair ag ócáidí den chineál sin de réir na dtreoracha atá tugtha ag an Rialtas a raibh sé féin ina bhall de.
Labhair an Teachta Calleary leis an Taoiseach agus le ceannairí Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais aréir ag glacadh leithscéal faoina ndearna sé agus ghabh sé leithscéal leis an bpobal ach d’fhógair sé inniu go raibh sé curtha in iúl aige don Taoiseach go raibh sé ag éirí as a phost mar Aire.
Bhí an Coimisinéir Eorpach Phil Hogan, an Teachta Dála neamhspleách Noel Grealish agus an Seanadóir Gerry Buttimer i measc na bpolaiteoirí eile a bhí i láthair ag ócáid ghailf na seachtaine seo chomh maith le roinnt iarpholaiteoirí agus aíonna eile.
Ceapadh an Teachta Calleary in Aire beagán le cois mí ó shin nuair a briseadh an té a bhí ina Aire roimhe Barry Cowen as oifig de bharr conspóid faoi eachtra a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil.