Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tus-a-chur-le-liu-lunasa-inniu

Tús á chur le Liú Lúnasa inniu

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Cuireadh tús inniu le Féile Liú Lúnasa, an fhéile Fheirsteach ealaíon, inniu agus beidh idir cheolchoirmeacha, chainteanna, agus ar ndóigh an Slam cáiliúil Filíochta, as seo go dtí an Domhnach. 

Seo an séú bliain atá an fhéile á reáchtáil, ach fearacht go leor imeachtaí eile i mbliana, is ar líne atá féile na bliana seo ar siúl. 

I measc na n-imeachtaí sin beidh ceolchoirm a shruthófar beo as amharclann na Cultúrlainne, pléphainéal ar chúrsaí comhshaoil, agus, ar ndóigh, Slam Filíochta Liú Lúnasa — an t-aon chomórtas slam Gaeilge in Éirinn. 

Is é an Slam buaic na féile, agus bronnfar duaischiste £700 ar bhuaiteoirí chomórtas na bliana seo. Reáchtáladh an imeacht sa gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál agus sa Black Box i lár chathair Bhéal Feirste roimhe seo, ach is i bhfoirm físeáin a chuir na filí a saothar faoi bhráid na moltóirí i mbliana. Craolfar na físeáin sin ar YouTube ag 20.30 amárach, agus fógrófar an buaiteoir. 

“Tá muid iontach sásta go dtig Slam Filíochta Liú Lúnasa a reáchtáil go fóill i mbliana in aineoinn Covid-19. Tá an Slam i ndiaidh cruthaitheacht dochreidte a spreagadh in iomaitheoirí iontacha an chomórtais thar na blianta.

Den chéad uair, beidh an comórtas á reáchtáil ar líne againn agus mar gheall air sin, tá muid ag dúil go mór píosaí slamfhilíochta ó dhaoine fud fad na cruinne a fheiceáil mar chuid de chomórtas na bliana seo. Tá lear mór cruthaitheachta i ndiaidh eascairt as an phaindéim le roinnt míonna anuas agus tá muid ag súil go mór ardán a thabhairt do shaothar an ama seo ag Slam Filíochta Liú Lúnasa 2020,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail, eagraí an chomórtais le NÓS.

Is é Séamus Barra Ó Súilleabháin a bheidh ina mholtóir ar an gcomórtas agus is í Sinéad Ní Uallacháin an tí seo a bheidh ina bean tí.

Roimhe sin, beidh ceolchoirm ann le Brighde Chaimbeul as Albain, Jamie Murphy as Béal Feirste, agus Edel Ní Churraoin as Cois Fharraige. 

Dé Sathairn, is é Ailbhe Ó Monacháin ó Nuacht RTÉ/TG4 a bheidh ina chathaoirleach ar phainéal cainte faoi chúrsaí comhshaoil ‘An Timpeallacht: Gníomh Pearsanta a Dhéanfaidh Difear”. Ar an bpainéal sin beidh an Dr Emma Verling ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh; Jone Ugarteburu ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste; Tara Nic Giolla Seanáin ó Choláiste na Tríonóide; agus Rónán Ó Dálaigh. 

Craolfar an painéal cainte beo ar Facebook na féile agus ar Raidió Fáilte. Beifear in ann éisteacht leis ar an gcóras FM nó ar sheinnteoir idirlín an stáisiúin. 

Is iad Bréag a bheidh ar ardán digiteach na féile le clabhsúr a chur le rudaí oíche Dé Sathairn ag 20.30. 

Níos mó