Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-e280,000-bronnta-ar-57-ealaiontoir-ag-ealain-na-gaeltachta

€280,000 bronnta ar 57 ealaíontóir ag Ealaín na Gaeltachta

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá €280,000 bronnta ag Ealaín na Gaeltachta ar 57 ealaíontóir Gaeltachta, idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhamhsóirí, scéalaithe agus go leor eile nach iad. Fuair cuid de na healaíontóirí seo sparánacht suas le €6,000 ón eagraíocht ealaíon Gaeltachta faoin scéim a tugadh isteach le tacaíocht a thabhairt d’earnáil na n-ealaíon sa Ghaeltacht. 

Is faoin gclár ‘Éire Ildánach’ atá €200,000 den airgead á bhronnadh, agus tá Ealaín na Gaeltachta ag súil go gcabhróidh na sparánachtaí leis na healaíontóirí saothar nua Gaeltachta a fhorbairt, taighde a dhéanamh ar ábhair éagsúla, agus a scileanna a fhorbairt. 

I measc na ndaoine ar bronnadh sparánacht orthu ar maidin bhí an t-aisteoir as Cois Fharraige Dónall Ó Héalaí, an damhsóir Ríonach Ní Néill, an drámadóir Darach Mac Con Iomaire, an file Ceaití Ní Bheildiúin, agus an cumadóir Manus Lunny. 

Dúirt Ó Héalaí, a tharraing aird an domhain mhóir air féin le deireanas mar gheall ar an taispeántas a thug sé uaidh sa scannán Arracht, gur “deis iontach” atá bronnta ag Ealaín na Gaeltachta air agus gur faoin scríbhneoireacht scripte a bheidh sé féin ag tabhairt. 

“Tá mé fíor-bhuíoch d’Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach as an sparánacht seo. Is deis iontach dom féin go pearsanta í le ham a chur ar leataobh chun tabhairt faoi scríbhneoireacht scripte.

“Mar aisteoir is minic a shantaíonn tú script a scríobh. Beidh mé in ann an fhís sin a fhíorú anois mar gheall ar an tacaíocht agus an spreagadh atá ar fáil ó Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach,” a dúirt sé. 

Dúirt Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, gur “mór an pléisiúr” di an tacaíocht bhreise seo a chur ar fáil do na healaíontóirí Gaeltachta agus gur “ábhar spreagtha” iad na tionscadail a thagann as an nGaeltacht. 

“Ábhar spreagtha cinnte iad na tionscadail agus is léiriú iad ar an bhfís ar leith atá [ag ealaíontóirí Gaeltachta]. Is seoid ríluachmhar an teanga agus ní mór meas a bheith orthusan atá ag obair trí mheán na Gaeilge agus tacaíocht a thabhairt dóibh,” a dúirt an tAire. 

Dála na hearnála ealaíon taobh amuigh den Ghaeltacht, agus ar fud an domhain, tá earnáil na n-ealaíon Gaeltachta thíos go mór leis an bpaindéim, agus tá “fáilte mhór” curtha ag feidhmeannach forbartha Ealaín na Gaeltachta, Mícheál Ó Fearraigh, roimh an scéim sparánachta. 

“Gan ealaíontóirí, ní bheidh aon ealaín ann. Tá tuiscint mhór againn ar an tábhacht atá leis na healaíona i saol na Gealtachta. Táimid buíodh den chlár Éire Ildánach, a bhuí leis sin táimid in ann tacaíocht shuntasach bhreise a chur ar fáil d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht tráth a bhfuil slad déanta ar shlí bheatha daoine ag an bpaindéim,” a dúirt sé.

Níos mó