Ardú aisteach don Ghaeilge?
Buiséad aisteach atá romhainn i mbliain thar a bheith aisteach agus beidh eagraíochtaí teanga ag súil le fógra an-aisteach inniu chomh maith – ardú le dealramh ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Meastar go bhfógrófar ardú roinnt milliún i gciste na Gaeilge inniu agus gur chuig Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4 a rachaidh a fhormhór.
Is féidir an scéal is déanaí a léamh anseo.
Súil le hardú maoinithe do roinnt eagraíochtaí Gaeilge i mBuiséad 2021
Buiséad Shinn Féin
Seo an chéad bhuiséad ag Sinn Féin mar phríomhpháirtí an fhreasúra agus a n-urlabhraí airgeadais Pearse Doherty an chéad duine a chloisfear sa Dáil inniu i ndiaidh óráidí Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, agus Michael McGrath, an tAire Caiteachais Phoiblí.
Beifear ag súil le roinnt Gaeilge ó fhear Ghaeltacht Dhún na nGall mar is beag seans go gcloisfear mórán di ón mbeirt roimhe.
Tá tús fuinniúil curtha ag Aengus Ó Snodaigh lena sheal is déanaí mar urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus ar ndóigh tá sé ina Chathaoirleach anois chomh maith ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.
“Ní mór dúinn an deis a thapú cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sula mbeidh sé ródheireanach í a shlánú,” a deir Ó Snodaigh.
Maíonn Sinn Féin go gcuirfí €25 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht dá mbeidís féin i mbun Bhuiséad an lae inniu. Tá na sonraí sa scéal thíos.
Dóchas na nGael
Deir príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Séan Ó Coinn le Tuairisc.ie go bhfuiltear “an-dóchasach” go mbeidh “dea-scéala” sa Bhuiséad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Agus Stormont i mbun gnó arís, tá lucht cheanncheathrú an Fhorais i Sráid Amiens, agus na heagraíochtaí ar fud na tíre a ndéanann siad maoiniú orthu (Tuairisc.ie ina measc), ag súil go mbainfear an ruóg den sparán arís faoi dheireadh.
Deir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn go bhfuiltear “sásta go dtuigeann an dá Rialtas gur gá ardú suntasach a dhéanamh ar ár mbuiséad bonnlíne le go mbeidh Foras na Gaeilge in ann aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí uile atá aitheanta ag an mBord thar na réimsí uile a bhfuil dualgais reachtúla orainn ina leith”.
Fáilte romhaibh…
Fáilte romhaibh go dtí ár dTuairisc Bheo ar Bhuiséad 2021.
Fógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe Buiséad 202o, buiséad a bheidh go mór faoi scáth na paindéime agus an Bhreatimeachta, ag 1pm i nDáil Éireann. Beidh na scéalta is déanaí anseo againn agus beifear ag coimeád súil ghéar chomh maith ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Lean sinn freisin ar Twitter agus ar Facebook.
Féach gur Buiséad 2021 atá againn agus ní Cáinaisnéis 2021. Ach oiread le Buiséad 2020, Buiséad 2019, Buiséad 2018 srl, táimid ag cloí le comhairle aistear.ie faoin scéal:
‘Is é ‘buiséad’ an focal is mó stádas sa teanga fhoirmiúil, fiú sa chomhthéacs polaitiúil, m.sh. ‘buiséad éigeandála’. Ní cúrsaí cánach amháin a bhíonn i gceist sa bhuiséad, ach caiteachas, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus araile.’
An Buiséad le fógairt faoi scáth na paindéime agus an Bhreatimeachta