Cuifear capaillíní Chonamara ar féarach in Áras an Uachtaráin an bhliain seo chugainn agus Micheál D. Ó hUigínn sásta glacadh leis na hainmhithe dúchasacha.
Cuirfear láir agus searrach ar féarach i bpáirceanna ar thailte an Árais i bPáirc an Fhionnuisce an samhradh seo chugainn.
Is ó ghraífheirm Mhainistir na Coille Móire i gConamara a thiocfaidh na capaillíní.
Cuireadh tús leis an ngraífheirm an bhliain seo caite agus é mar aidhm ag lucht na Mainistreach na capaill dhúchasacha a thaispeáint do na mílte turasóirí a thagann ar cuairt ansin gach bliain.
Ceithre láir searraigh, trí láireog agus dhá bhromach atá ar an ngraífheirm agus fágtar na capaillíní amuigh faoin aer ó cheann ceann na bliana.
Thug Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar Mhainistir na Coille Móire le gairid agus ghlac sé le láir agus searrach a chur ar féarach ar thailte Áras an Uachtaráin gach samhradh.