Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘coicis-fagtha-le-dul-ar-ais-ar-an-mbothar-ceart’-–-rabhadh-o-nphet-faoin-1-nollaig

‘Coicís fágtha le dul ar ais ar an mbóthar ceart’ – rabhadh ó NPHET faoin 1 Nollaig

| Tuairisc.ie | ,

Tá iarrtha ag an bPríomhoifigeach Leighis ar dhaoine gan a bheith ag bualadh leis an oiread daoine eile gach lá agus gan ach coicís fágtha sula ndéanfar cinneadh faoi na srianta dianghlasála a mhaolú.

Dúirt an Dr Tony Holohan go raibh stop tagtha le seachtain leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir leis an ngalar a chur faoi chois.

“Tá coicís anois againn le dul ar ais ar an mbóthar ceart. Ba cheart do dhaoine an galar seo a chur faoi chois trí chomhluadar a sheachaint agus an líon daoine a bhuaileann tú leo go sóisialta gach lá a laghdú.

“Déan do chuid oibre ón mbaile, fan sa mbaile agus cloígh leis an gcomhairle sláinte phoiblí le go mbeidh muid ábalta an uimhir R, nó an ráta scaipthe a bhrú síos faoi 0.5 faoin gcéad lá de mhí na Nollag.”

Idir 0.7 agus 0.9 atá ráta atáirgthe an ghalair faoi láthair.  

An tOllamh Philip Nolan. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET go raibh sé soiléir go raibh daoine ag bualadh an iomarca go sóisialta le daoine eile agus gurb in é ba bhun leis an easpa dul chun cinn le seachtain.

 Bhí an líon cásanna ag titim idir 5% – 7% sa lá ar feadh 3 seachtaine agus bhí an uimhir atáirgthe (R) thíos go dtí 0.6. Níl aon ísliú ar an líon cásanna faoi láthair agus dá bharr meastar go bhfuil an uimhir R idir 0.7- 0.9. 

“Tá sé le tuiscint go soiléir ó na sonraí go bhfuil ardú beag ar an líon teagmhálaithe, an líon daoine a mbuaileann daoine leo go sóisialta agus gurb é sin is cúis leis an ardú ar an uimhir R, nó ráta scaipthe an ghalair. Dá ndéanfadh muid iarracht bheag bhreise gan bualadh leis an líon céanna daoine, chuideodh sé go mór le líon na gcásanna den ghalar a laghdú roimh an chéad lá de mhí na Nollag,” arsa an Dr Philip Nolan.  

Gar de 4% de na daoine a gcuirtear tástáil don ghalar orthu bíonn toradh deimhneach ar an tástáil sin. Os cionn 7% a bhí i gceist ag deireadh na míosa seo caite agus 3.5% a bhí ann an tseachtain seo caite.

117 ráta coicíse scaipeadh an ghalair, titim ó 120.

Anseo atá an ráta coicíse is ísle den ghalar san Eoraip, seachas dhá thír eile, an Íoslainn agus an Fhionlainn.

Laghdú 48% a tháinig ar ráta coicíse an ghalair sa stát de réir na bhfigiúirí is déanaí, an laghdú is airde san Eoraip.

429 cás nua den Covid-19 a dheimhnigh an Roinn Sláinte aréir. Ceathrar eile atá básaithe de dheasca an ghalair agus 76 duine a fuair bás de dheasca an ghalair go dtí seo mí na Samhna.

Bhain 44 den 429 cás nua inniu le Corcaigh, 26 cás a bhí i nDún na nGall, 20 cás a bhí i gcontae na Mí.

Ocht gcás a bhí i Maigh Eo, seacht gcás a bhí i bPort Láirge agus bhí níos lú ná cúig chás i nGaillimh agus i gCiarraí.

173 cás nua a deimhníodh i mBaile Átha Cliath.

Deir NPHET gur údar “díomá” agus “imní” iad na figiúirí le seachtain anuas.

“Ní hé go bhfuil líon na gcásanna ag ardú ach níl líon na gcásanna ag laghdú,” a deir an Dr Philip Nolan.

Mar sin féin, tá ráta coicíse an ghalair sa stát anois ag 117 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall go fóill ach thit sé ó 296 inné go dtí 265 inniu. Tá an ráta i bPort Láirge anois ag 155 agus ráta 127 atá i gceist i gcontae na Mí.

Tá an ráta i Maigh Eo tite go dtí 104, 87 atá i gCiarraí, 81 atá i gCorcaigh agus 71 atá i nGaillimh.

290 duine atá buailte ag an gcoróinvíreas atá sna hospidéil agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 12 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh deichniúr acu.

Deimhníodh 487 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

456 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 41 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Bhí 100% de na leapacha ansin lán inniu agus tá ráig den ghalar deimhnithe i 166 ionad cúraim sa Tuaisceart.

Tá sé ráite ag Robin Swann, Aire Sláinte Thuaisceart Éireann go mb’fhéidir go gcaithfí an maolú a bhí le déanamh ar an srianta an mhí seo a chur ar athló. Dúirt sé go raibh an baol ann go gcaithfí tuilleadh srianta a chur i bhfeidhm ionas nach mbeadh an iomarca brú ar na hospidéil.

Beidh roinnt gnóthaí ag athoscailt ó thuaidh, caiféanna agus gruagairí mar shampla. Beidh cead ag tithe ósta agus bialanna athoscailt Dé hAoine seo chugainn.

Ceannasaí réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Hans Kluge

Dúirt ceannasaí réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Hans Kluge, inniu go bhfaigheann duine amháin bás den choróinvíreas san Eoraip gach uile shoicind.

Dúirt ceannasaí an WHO san Eoraip go raibh níos mó ná 15.7 milliún cás den Covid-19 deimhnithe sa 53 tír sa réigiún agus go raibh 355,000 duine básaithe de dheasca an ghalair sna tíortha sin ó thús na paindéime.

Bhain 4 milliún de na cásanna leis an mí seo amháin.

Bhí comharthaí ann, arsa Kluge, go bhfuil córais sláinte faoi róbhrú agus os cionn 95% de leapacha dianchúraim na Fraince lán le deich lá anuas, mar shampla.

Dúirt Kluge, áfach, go raibh ag éirí le tamall leis na srianta nua atá tugtha isteach ag tíortha ar fud na hEorpa. Tháinig laghdú 200,000 ar líon na gcásanna nua le seachtain anuas. Dúirt sé chomh maith go mba “iontach” an t-údar dóchais a bhí sna vacsaíní nua “sa chogadh in aghaidh an víris”.

Mhaígh Hans Kluge nach mbeadh gá lena thuilleadh tréimhsí dianghlasála dá gcaithfeadh 95% de dhaoine mascanna.

“Is féidir tréimhsí dianghlasála a sheachaint,  seasaim leis an tuairim gurb í an dianghlasáil an rogha dheiridh. Dá mbainfeadh 95% leas as masc, ní bheadh tréimhsí dianghlasála ag teastáil,” Hans Kluge.

Níos mó