Tá moltaí Chonradh na Gaeilge maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht á bplé sa Roinn Tithíochta i láthair nua huaire.
Sa pholasaí nua i dtaobh na pleanála atá seolta ag Conradh na Gaeilge, moltar gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht feasta.
Bhí cruinniú ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, le gairid agus gheall an Aire go bpléifí an scéal arís roimh an Nollaig.
“Bhí an-áthas orm bualadh le Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite maidir le roinnt nithe an-tábhachtach,” a dúirt an tAire O’Brien le Tuairisc.ie. “Tá mo Roinn chun na moltaí a phlé agus leanfaidh sí ag dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge.”
Tá sé tugtha le fios ag an Aire chomh maith, áfach, nach gceapann sé go bhfuil gá leis an gcóras pleanála atá i bhfeidhm faoi láthair a athrú agus nach bhfuil sé ar son cumhachtaí pleanála a aistriú go dtí Údarás na Gaeltachta.
I bhfreagra a thug sé ar cheist ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht le déanaí, dúirt an tAire O’Brien gurb iad na Comhairlí Contae is fearr chun an córas pleanála a chur i bhfeidhm agus go raibh cosaint don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa chóras mar atá.
“Nuair a chuireann tú san áireamh na cúinsí spásúla agus teanga faoi leith a bhaineann le gach ceantar Gaeltachta, agus na difríochtaí idir pobail éagsúla agus na comhthéacsanna ina labhraítear an Ghaeilge, creidimse gurb iad na húdaráis phleanála áitiúla is fearr a chuirfidh an creat reachtaíochta, polasaí agus treorach i bhfeidhm.
“Tá mise sásta go bhfuil an mheicníocht chuí ann chun maoirseacht agus ráthaíocht a dhéanamh ar chúrsaí pleanála, ag áireamh Oifig an Rialálaí Pleanála agus An Bord Pleanála,” a dúirt an tAire.
Mar sin féin, tá Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, dóchasach go n-éireoidh le Conradh na Gaeilge intinn an Aire.
“Bhí an tAire an-láidir faoi seo, creideann sé go gcaithfear cosaint a thabhairt do na Gaeltachtaí agus tá sé chun breathnú ar na moltaí ar fad agus teacht ar ais chugainn.
“Is maith linn freisin go ndeir sé go mbeidh sé ar ais chugainn roimh an Nollaig. Léiríonn sé go bhfuil sé ag gníomhú mar gheall ar seo. Tuigeann sé go bhfuil práinn leis.”
Dúirt de Spáinn gur léirigh an tAire O’Brien an-spéis sna moltaí agus go raibh an Teachta Dála eile de chuid Fhianna Fáil, Dara Calleary, a bhí i láthair ag an gcruinniú chomh maith, in ann a thaithí féin ar na fadhbanna pleanála i nGaeltacht Mhaigh Eo a chur ina láthair.
Deir de Spáinn go bhfuil gá leis an gcóras pleanála sa Ghaeltacht a athrú mar nach bhfuil na treoirlínte atá ann faoi láthair á gcur i bhfeidhm ag na Comhairlí Contae.
Deir sé “amhail Acht na dTeangacha Oifigiúla” nach bhfuil na dualgais a leagadh ar na húdaráis á leanúint agus go bhfuil gá anois le treoracha ón Aire.
Dar le Conradh na Gaeilge, bheadh sé níos fearr cúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht a chur faoi chúram Údarás na Gaeltachta ós rud é gurb iadsan atá ag plé leis an bpleanáil teanga.
“Tá plean teanga i Ráth Chairn chun an Ghaeilge a láidriú ach tá forbairt ceadaithe a d’fhéadfadh deireadh a chur le Gaeltacht Ráth Chairn. Níl an dá rud ag teacht le chéile. Dhéanfadh sé níos mó céille dá mbeadh an dá rud faoi aon teach amháin.”
Tá cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail le roinnt míonna anuas.
Mhol an Teachta Éamon Ó Cuív an tseachtain seo go nglaofaí os comhair Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais ionadaithe ó na seacht gcomhairle contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram agus mhaígh sé go bhfuil “scigmhagadh” á dhéanamh den choinníoll maidir le tithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí nua sa Ghaeltacht.
Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge.
Moltar i bpolasaí nua Chonradh na Gaeilge go gcuirfí tithe ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i 90% de na tithe nua in eastát tithíochta sna ceantair Ghaeltachta is láidre agus gur 35% a bheadh i gceist sna ceantair is laige ó thaobh na teanga.
Tá Conradh na Gaeilge ag moladh chomh maith go mbeadh gá le hinniúlacht ar leith sa Ghaeilge ag duine a bheadh ag tógáil nó ag ceannach tí i gceantair Ghaeltachta.
Moltar go mbeadh gá le caighdeán Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) B2 nó níos airde sa Ghaeilge labhartha ag duine a bheadh ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht.
Deirtear sa pholasaí nua nach gá go mbeadh coinníollacha teanga ann do dhuine atá ag cur isteach ar chead pleanála chun teach a thógáil sa cheantar arb as dó ó dhúchas.
Deir Conradh na Gaeilge, áfach, gur cheart go mbeadh srian ar theach a dhíol ar aghaidh nó a ligean go fadtéarmach. Moltar nach mbeadh cead ag duine teach nua a dhíol ach le cainteoir Gaeilge ar feadh 20 bliain ar a laghad agus go mbeadh cosc an teach a ligean níos faide ná trí mhí in aon bhliain amháin le duine nach cainteoir Gaeilge é.