Tá cáineadh géar déanta ag Sagart Gaeltachta ar chur chuige ‘frithchaitliceach’ atá, dar leis, ag an Rialtas maidir leis na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm i dtaca le tithe pobail agus tórraimh.
Deir Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, Pádraig Ó Baoill, nach bhfuil “cothrom na Féinne” á thabhairt don eaglais agus nach bhfuil bunús leis na srianta a chuireann bac ar thithe pobail a bheith ar oscailt.
Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta, dúirt an tAthair Ó Baoill go bhfuil “frithchaitliceachas sa rialtas” agus go raibh Caitlicigh á gcur “in áit leo féin”.
“Sa bhliain 1709 nuair a bhí an bhanríon Anna i gcumhacht, ní raibh sé ceadaithe ag sagairt Aifreann a rá. Ach anois trí chéad agus aon bhliain déag níos moille, tá cosc ar shagairt Aifreann a rá go poiblí in Éirinn.”
Dúirt an tAthair Ó Baoill gur cheap sé go raibh “eisceacht” á déanamh den eaglais ó thús na paindéime i gcomparáid le dreamanna eile.
“Nuair a amharcann tú ar na scoileanna agus páistí brúite isteach ar a chéile, amharc ar ollmhargaí, níl an chuma air go bhfuil na rialacha céanna i gceist don eaglais,” a dúirt sé.
Dúirt Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair gur “buille eile” don eaglais é “locht” a chur ar thórraimh agus ar fhairí ó thaobh scaipeadh an víris.
“Tá na rialacha sna tithe pobail níos déine ná mar atá siad i mórán áiteanna eile.
“Faire ar bith a chonaic mise, ní raibh iontu ach na teaghlaigh, na daoine atá ag casadh le chéile achan lá, na daoine atá i measc a chéile achan lá,” a dúirt sé.
Cé gur aontaigh an tAthair Ó Baoill gur gá do dhaoine a bheith cúramach agus daoine a choinneáil slán ón víreas, dúirt sé gur gá a bheith cúramach “ar dhóigh a thugann ceart agus cothrom na Féinne do dhaoine”.
Ag trácht dó ar ráitis a rinne Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, Diarmuid Martin, agus Easpag Dheoise Ráth Bhotha, Alan Mac Eochagáin, le déanaí faoin tábhacht a bhaineann le hathoscailt na dtithe pobail roimh Nollaig, dúirt an tAthair Ó Baoill go raibh “lúcháir” air gur labhair easpaig amach faoin scéal “ar deireadh thiar thall”.
“Cuirimse fáilte mhór roimhe sin, tá lúcháir orm gur labhair siad amach agus mar a deir siad, má tá sé mall, ach is fearr a bheith mall ná go brách ach bhí mise den tuairim gurb é an dearcadh a bhí ag na heaspaig i rith an ama seo ná ‘Is binn béal ina thost’ ach níl sin ceart i gcónaí.”
Dúirt an tAthair Ó Baoill gur mheas sé go mbeadh sé deacair ar an eaglais daoine a mhealladh ar ais chuig na tithe pobail agus go raibh iarrachtaí ar bun aige féin Aifreann poiblí rialta a rá ina pharóiste féin.
“Is cuma cibé rud a dhéanann tú, tá do lámha ceangailte mar tá an oiread sin rialacha ann. Deirimse Aifreann poiblí agus níl istigh ag an Aifreann ach mé féin agus tugann daoine sna gluaisteáin cluas le héisteacht.”
Dúirt sé nach raibh aon chúis nach bhféadfaí na tithe pobail a oscailt don phobal ar bhealach sábháilte agus gur cheart don rialtas éisteacht le mianta an phobail.
“Tá na tithe pobail breá mór. Tá neart fairsinge iontu agus níl contúirt ar bith nuair a choinneos daoine an fad ceart ó chéile, níl fáth ar bith nach dtig le neart daoine teacht go teach Dé,” a dúirt sagart paróiste Ghaoth Dobhair, Pádraig Ó Baoill.