Deir an Teachta Dála Catherine Connolly go bhfuil amhras uirthi an gcaitheann Údarás na Gaeltachta an dua céanna lena chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre na Gaeltachta is a chaitheann siad ag iarraidh postanna a mhealladh.
Rinne Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta cosaint i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite ar chur chuige an Údaráis maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Dúirt Micheál Ó hÉanaigh leis an Choiste Gaeilge agus Gaeltachta, a bhfuil an Teachta Dála Catherine Connolly ina ball de, go raibh “ceist an-mhór” le plé faoin teanga ach go raibh an eagraíocht “tiomanta” a cuid dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.
“Is féidir liomsa a dheimhniú anseo thar ceann mo chomhghleacaithe, thar ceann Bhord an Údaráis, thar ceann na heagraíochta, go bhfuil muid tiomanta ar gach rud is féidir linn a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné dár gcuid oibre,” a dúirt Mícheál Ó hÉanaigh.
Cheistigh Catherine Connolly Príomhfheidhmeannach an Údaráis faoin méid atá á dhéanamh ag an eagraíocht i dtaca lena ndualgais i leith na Gaeilge.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar gur thuig sí go raibh an tÚdarás “in áit na leathphingine” i gcomparáid le Enterprise Ireland agus an IDA, ach nach raibh sí “iomlán sásta” go raibh a ndóthain á dhéanamh maidir lena chinntiú go mbíonn an Ghaeilge á cur chun cinn ag fostóirí sa Ghaeltacht.
“Tá freagracht ollmhór ar an Údarás ceannaireacht a thaispeáint. Níl mé iomlán sásta go bhfuil…sin á dhéanamh agaibh chomh héifeachtach is ba chóir.
“Tá fostaíocht thar a bheith tábhachtach ach chomh maith leis sin tá an teanga. Is sibhse atá ann chun an teanga a chosaint agus fostaíocht a mhealladh agus a choinneáil sa Ghaeltacht,” a dúirt sí.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách gur mheas sí go raibh iarracht á déanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh comhlachtaí a mhealladh chun na Gaeltachta agus a choinneáil ann ach nach raibh “córas monatóireachta” i bhfeidhm ag an Údarás chun a chinntiú go raibh an teanga á cosaint.
Ba chóir go mbeadh “coinníollacha teanga” i bhfeidhm d’aon chomhlacht ar mian leo lonnú sa Ghaeltacht, dar léi.
Dúirt an Teachta Dála chomh maith nár chosúil go raibh aon “aitheantas” tugtha ag an Údarás don ghéarchéim sa Ghaeltacht.
Mar fhreagra air sin, dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, go dtuigeann Údarás na Gaeltachta “an tábhacht a bhaineann le cúrsaí Gaeilge”.
Dúirt Ó hÉanaigh go raibh obair “an-mhór” déanta ag an eagraíocht le daichead bliain anuas chun oiliúint a chur ar dhaoine sa Ghaeltacht agus ar fhostaíocht a chothú taobh istigh den Ghaeltacht.
“Bhí sé níos measa blianta ó shin nuair a bhí muid ag brath ar infheistíocht ón taobh amuigh agus bainisteoirí ón taobh amuigh, ar chomhlachtaí ón taobh amuigh, agus ar na scileanna ón taobh amuigh ach tá obair an-mhór déanta ag an Údarás na Gaeltachta le ceathracha bliain anuas.”
Dúirt Ó hÉanaigh gur chuir an tÚdarás “go leor béime” ar oiliúint daoine, ar oiliúint bainisteoirí agus ar scéimeanna printíseachta agus go bhfuil a thoradh sin le feiceáil i gcuid de na monarchana ina bhfuil cainteoirí Gaeilge sna poist is sinsearaí.
Dúirt sé chomh maith gur thuig bunaitheoirí an Údaráis go gcaithfí a chinntiú go raibh na scileanna ag daoine sa Ghaeltacht le go bhféadfaidís “feidhmiú sna comhlachtaí” a bunaíodh.
“Ní hin le rá nach gcaithfidh muid daoine a thabhairt isteach ó am go chéile le scil ar leith ach tá muid ag iarraidh a bheith cinnte go roinnfidh an duine sin a scil le duine Gaeltachta,” a dúirt sé.
Thagair Ó hÉanaigh do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus dúirt sé nach raibh “aon dabht faoi” ach gurb í an Ghaeilge “teanga labhartha” na monarchana is mó ann.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis gur “gné” den Ghaeltacht í go mbeadh an diaspóra agus muintir an diaspóra ag filleadh ar an Ghaeltacht nuair a chruthaítear deiseanna fostaíochta sa cheantar.
“Tá an ghné sin a bhaineann le Gaeltachtaí, go bhfuil fáilte ar ais roimh na daoine seo. B’fhéidir nach bhfuil Gaeilge acu féin ach tógann siad a gclann leis an nGaeilge agus cuireann siad leis an bpobal,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh.