Tá leithscéal gafa ag Bus Éireann as botún aistriúcháin a d’fhág go raibh an logainm mícheart tugtha ar bhaile i nGaeltacht na Gaillimhe.
Tugadh an botún faoi deara ar sheirbhís an 424 idir Gaillimh agus an Cheathrú Rua agus Coistealaigh tugtha ar cheantar Chasla i gConamara.
Bhí leagan Béarla Chasla míchruinn ar an bhfógra chomh maith agus Costello tugtha ar an áit seachas Costelloe.
Tá an t-ainm athraigh ar Chasla! Comhartha ar Bus Éireann 🙈 pic.twitter.com/DvAh50YPzU
— Veronica Ni Ghriofa (@VGhriofa) November 12, 2020
Dúirt Bus Éireann le Tuairisc.ie go gceartófar na botúin “a luaithe is féidir”.
Coistealaigh is ainm do cheantair i Maigh Eo agus i Ros Comáin ach níl a leithéid d’áit i nGaillimh.
Bhí an botún le feiceáil ar an scáileán sa mbus a thaispeánann na bailte atá ar bhealach an bhus.
Ghabh Bus Éireann leithscéal inniu agus dúirt go bhfuil fúthu na botúin a cheartú.
“Tá Bus Éireann ag tabhairt aghaidh ghníomhach ar mhíchruinnis san aistriúchán Gaeilge ar logainmneacha ar bhealach 424 idir Gaillimh agus an Cheathrú Rua,” arsa urlabhraí de chuid na comhlachta.
“Gabhann Bus Éireann buíochas leo siúd a dhírigh ár n-aird ar an tsaincheist sin agus ceartófar na hearráidí a luaithe agus is féidir.”
Tharraing an scéal go leor cainte ar líne agus a míshásacht léirithe ag roinnt daoine ar na meáin shóisialta nuair a chonaic siad an botún.