Tá an chlann a rinne achomharc i gcoinne cinneadh cead a dhiúltú dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin fós ag fanacht ar dháta dá gcás ó chúirt eaglasta i Sasana.
Tá achomharc déanta ag muintir Keane faoi chinneadh a rinneadh i gcúirt eaglasta in Coventry Shasana nár cheadmhach dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar.
Táthar fós ag feitheamh ar dháta ón chúirt deoise is sinsearaí i Sasana d’éisteacht a n-achomhairc i gcoinne an chinnidh a rinneadh i gcúirt eaglasta i nDeoise Coventry.
Thionscain muintir Keane cás cúirte ag tús an tsamhraidh nuair a dhiúltaigh an Breitheamh Stephen Eyre, Sainsailéir Dheoise Coventry Shasana, dá n-achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, bean de bhunadh na hÉireann.
Bean a bhí gníomhach i gCumann Lúthchleas Gael ab ea Margaret Keane a bhí bródúil as an gcultúr Gaelach i rith a saoil, a dúradh san achainí.
Dúirt an Breitheamh Eyre sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, áfach, go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.
Dúirt Bernadette Keane, iníon Margaret, le Tuairisc.ie an tseachtain seo go raibh an teaghlach ag “troid in aghaidh dearcadh frithÉireannach” a léirigh an Breitheamh Eyre ina chéad rialú.
“Is dearcadh é nach dtagann le Coventry an lae inniu, dearcadh atá ann a bhaineann le ham atá caite agus dearcadh a ndearna daoine agus pobail i Sasana an-iarracht le fáil réidh leis.
“Is gá cur i gcoinne an méid a dúirt an Breitheamh faoin nGaeilge agus an tuairim sin go bhfuil baint ag an teanga le seicteachas nó sceimhlitheoireacht,” a dúirt Bernadette Keane.
Dúirt Bernadette Keane gur thuig an teaghlach nach le leac a máthar amháin a bhain an scéal seo ach le cearta daoine.
“Tuigeann muid nach mbaineann an scéal seo lenár dteaghlach féin amháin. Is ceist phobail í anois a bhaineann leis an cheart a bheith ag gach uile dhuine go léireofaí meas d’éagsúlacht teangacha agus chultúrtha cibé áit a maireann siad,” a dúirt Bernadette Keane.
Tá an-chuid tacaíochta faighte ag feachtas mhuintir Keane ó diúltaíodh dá n-achainí ráiteas Gaeilge a chur ar leac chuimhneacháin Margaret Keane.
Chuir Eaglais Shasana ráiteas amach faoin scéal inar dúradh nach polasaí náisiúnta dá cuid é diúltú do dhaoine Gaeilge a chur ar leaca cuimhneacháin agus mhol siad don teaghlach achomharc a dhéanamh i gcúirt níos sinsearaí de chuid na heaglaise.
Dúradh i ráiteas na hEaglaise “gur cuid thábhachtach í an Ghaeilge d’oidhreacht Eaglais Shasana” agus go bhféadfaí achomharc a dhéanamh maidir leis an chinneadh i gcúirt eaglasta níos sinsearaí, Cúirt Phroibhinseach an Ardeaspaig, Cúirt Arches Canterbury sa chás seo.
Dúirt Easpag Coventry, Christopher Cocksworth, chomh maith gur “cúis mhór bhróin” dó é nuair a dhéantar daoine “a ghortú nó a mhaslú” agus go raibh sé ag guí go dtiocfaí ar réiteach sásúil ar an scéal do mhuintir Keane a bhí “an-chorraithe” de bharr na breithe.
Tá feachtas bailiúcháin airgid ar líne seolta ag muintir Keane an tseachtain seo agus £10,000 mar sprioc aige le cuidiú leis na costais a bhaineann leis an chás cúirte.