Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-the-king’s-head-an-gnolacht-‘is-gaelai’-i-ngaillimh

The King’s Head an gnólacht ‘is Gaelaí’ i nGaillimh

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Is é an teach tábhairne The King’s Head ar an tSráid Ard i lár chathair na Gaillimhe buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020.

Bronnann an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar an ngnólacht a dhéanann an iarracht is fearr an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair na dTreabh.

D’fhógair Leas-Mhéara na cathrach, Colette Connolly, buaiteoirí na rannóg uile ar an gclár Galway Talks ar Galway Bay FM ar maidin.

Bhuaigh The King’s Head sa rannóg ‘Turasóireacht agus Fáilteachas’ agus ba ar an teach tábhairne a bronnadh Príomh-Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh freisin.

Bhuaigh an eagraíocht Bród na Gaillimhe, eagraíocht a dhéanann obair ar son phobal LADT na cathrach, an gradam sa rannóg ‘Comhlachtaí Eile’ as a n-iarrachtáí féile dhátheangach a dhéanamh de Pride sa gcathair.

Thug lucht Ionad Siopadóireachta na Coiribe an chraobh leo sa rannóg ‘Miondíol’, agus ba iad muintir Big O Taxis a bhuaigh an gradam sa rannóg ‘Seirbhísí’.

Ba iad Freda Nic Giolla Chatháin, Fiona Ní Fhlaithearta agus Rónán Ó hÓgartaigh moltóirí na bliana seo.

“Bhaineamar go léir an-sult as na cruinnithe fíorúla leis na gnólachtaí. Chuaigh a ndúthracht agus a n-iarrachtaí i bhfeidhm go mór orainn. Tá cur chuige faoi leith ag gach uile cheann acu, agus iad go léir ag obair go dian chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid gnó, agus iad an-bhródúil as bheith a déanamh a gcuidse chun aird a tharraingt ar stádas oifigiúil dátheangach na Gaillimhe,” a dúirt Rónán Ó hÓgartaigh inniu.

Thug sé suntas do líon na gcomhlachtaí a chuir isteach ar an ngradam i mbliana, 27 eagraíocht ar fad, agus don “chaighdeán fíor-ard atá ag baint leis an obair atá ar bun acu.”

Is ar eagraíocht a chuir isteach ar an gcomórtas den chéad uair a bhronntar ‘Bronnadh Speisialta na Moltóirí’ agus ba í an Reachtaire Lynda Peilow a ghlac leis an duais sin thar ceann Eaglais Choláisteach San Nioclás i mbliana.

Bronnadh scoláireacht dhá bhliain don Dioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar Jake Morgan ón gcomhlacht léiriúcháin Morgan Creative mar gheall ar an “iarracht speisialta” a dhéanann a chomhlacht an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid lena gcuid custaiméirí.

Fuair buaiteoirí chatagóirí éagsúla an Ghradaim pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ó urraitheoir na catagóire chomh maith le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Gheobhaidh The Kings Head pacáiste fógraíochta ar fiú €2,000 é ó phríomhurraitheoir an Ghradaim, an Galway Advertiser.  

Gheobhaidh siad pacáiste poiblíochta freisin le TG4 agus ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge.

Níos mó