Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bronntanais-don-‘ghael-i-do-shaol’-–-liosta-mor-moltai-don-nollaig

Bronntanais don ‘Ghael i do shaol’ – liosta mór moltaí don Nollaig

| Niamh Ni Shuilleabhain |

Nach n-éiríonn muid chomh tógtha sin, mar Ghaeil, nuair a fheicimid táirgí sna siopaí a bhfuil mana Gaeilge orthu? Feictear dom go mbíonn sceitimíní ar gach Éireannach an cúpla focal a fheiceáil ar tháirgí i siopaí, fiú mura mbíonn an teanga acu. Ar an ábhar sin tá liosta cuimsitheach bronntanas curtha le chéile agam le haghaidh Ghael i do shaol, nó don duine i do shaol atá báúil leis an nGaeilge, a bheadh buíoch as bronntanas a bhfuil comhartha aitheantais don Ghaeilge le feiceáil air. 


Stoca Nollag

Sula gceannóidh tú na féiríní stoca don Ghaeilgeoir i do shaol, bí cinnte go bhfuil Stoca Nollag aige. Mura bhfuil, tá na cinn Ghaeilge seo ar fáil in Dunnes Stores ar €9.84 agus ceann beag acu chomh maith do pháistí ar €4.92.

Masc aghaidhe

Ní cúram craicinn atá i gceist agam anseo; níl sé chomh glam sin ná baol air, faraor, ach chun a bheith macánta beidh mascanna aghaidhe á gcaitheamh againn go ceann tamall fada. Mar sin nach mbeadh sé deas masc a bhfuil mana Gaeilge air a cheannach don Ghaeilgeoir i do shaol.

Cuirfidh an Spailpín Fánach sa Spidéal mana ar bith is mian leat ar mhasc aghaidhe ach é a rá leis anseo.

Tá cinn ‘iontacha’ ag an Hairy Baby i gCorcaigh freisin.

Agus ná dearmad na ceardaithe beaga ar Instagram ach an oiread!

Popsocket Gaeilge

popsockets an-réasúnta ar fáil ar €6.95 ó Irish Glow don Ghaeilgeoir i do shaol atá gafa le féiníní a ghlacadh.

Seacláid

Don Ghaeilgeoir nach bhfuil ach aithne bheag agat air, agus a ainm faighte agat sa Kris Kindle, is féidir leat braith ar sheacláid. Tá rogha d’earraí seacláide Gaeilge ar fáil anseo.

Bosca ‘Nollaig Shona’ ar fáil ó My Caboose Stores ar €6.00 anseo.

Bosca de dheich seacláid atá péinteáilte de láimh ó Ghrá Chocolate ar fáil ar €25 anseo.

Barra seacláide lámhdhéanta ar fáil ó Aunty Nellies Sweet Shop ar €3.00 anseo. Féirín maith stoca!

Maisiúcháin Ghaeilge

Nach deas comhartha aitheantais don Ghaeilge a thabhairt don Ghaeilgeoir i do shaol le crochadh ar a chrann Nollag.  Tá maisiúcháin Ghaeilge ar fáil anseo:

An ornáid dheas seo a chuirfidh Bliain na Teadhma i gcuimhne duit go deo ar fáil anseo ó Crafts You’ll Love ar £4.

Nach deas an croí beag Nollaigiúil é seo atá ar fáil ar £7.50 ó CbyJDesigns

Mugaí

Don Ghaeilgeoir ar aoibhinn leis caife nó tae, tabhair muga dó. Tá réimse ag Helen James in Dunnes Stores ar fáil anseo:

Muga ‘Nollaig Shona’ ar fáil ar €3.94 anseo.

Muga fleisce ar fáil ar €3.94 anseo

An cupán lán dóchais seo ar fáil ar €12.99 ó Gaeilge Vibes anseo

Muga ‘Tae maith leath na hoibre’ ar fáil ar €12.00 ón Siopa Leabhar anseo.

Trinsiúr Nollag

Don chócaire i do shaol ar mhaith leo an turcaí a thaispeáint ar thrinsiúr Gaeilge, tá ceann álainn ar fáil anseo ar £35 ó Shiopa an Carn, agus an-chuid píosaí potaireachta Gaeilge eile ar fáil acu. 

Dialann nó Féilire

Don Ghaeilgeoir gnóthach ar mhaith leis a bheith eagraithe chomh maith le seanfhocal nó frása deas Gaeilge a fheiceáil gach lá. Tá an féilire seo iontach mar níl aon bhliain luaite léi agus is féidir í a úsáid arís is arís eile – ar fáil ó Ghiota Beag Gaeilge ar £10 anseo.

Tá dialann bhliantúil deartha ag Connect the Dots Design chomh maith agus cosuil leis an bhféilire thuas níl aon dátaí nó laethanta luaite aor. Tá sé ar fáil ar £24 anseo.

Fobhríste agus Stocaí

Cad a dhéanfaimís gan stocaí agus fo-éadaí le ceannach do na fir inár saol? Agus ní haon eisceacht iad na Gaeilgeoirí fear. Ár mbuíochas le Buachaill Underwear agus Gaeilge Vibes as teacht i gcabhair orainn leis na táirgí Gaeilge seo a leanas.

Fobhríste Nollag ó Buachaill Underwear ar fáil ar €14.99 anseo.

Stocaí ó Gaeilge Vibes ar fáil ar €6.00 anseo.

Seodra

Is iad na bronntanais is fearr ná na cinn a sheasann tar éis an tsaoil. Mar sin ní féidir leat dul amú le seodra mar bhronntanas Nollag. Tá réimse leathan seodra a bhfuil blas Gaeilge orthu ar fáil anseo, idir shaor agus dhaor.

Muince ‘An té a bhíonn siúlach, bíonn scéalach’ ar fáil ó Betty and Biddy ar €18 anseo.

Muince ‘Ní huasal ná íseal ach thuas seal is thíos seal ar fáil ar €18 ó Betty and Biddy anseo.

Muince ‘Ionanálú/Easanálú’ ar fáil ar €18 ó Betty and Biddy anseo.

Siogairlín ‘PÓG’ ar fáil ar €55 ó Póg the Kiss anseo.

Fáinne ‘Croí Álainn’ ó Enibas ar fáil ar €279 anseo.

Mála smididh

Don Ghaeilgeoir atá gafa le cúrsaí smididh, tá mála smididh galánta déanta ag Hoopla Focal agus tá sé ar fáil ar €30 anseo.

Cúram craicinn

Don Ghael i do shaol a dtaitníonn táirgí craicinn leis, tá imeartas focal le feiceáil sa bhrandáil seo a dhéanann tagairt don áilleacht – cuir DM chucu ar Instagram le rudaí a cheannach.

Buidéal jin

Don Ghaeilgeoir a bhfuil an-chur amach aige ar chúrsaí jin – tabhair dó buidéal Gaeilge le cur lena bhailiúchán.

Coinneal Nollag

Cén duine nach maith leis coinnle a lasadh timpeall an tí um Nollaig? Agus níos fearr fós, coinneal a bhfuil mana Gaeilge air. Tá coinneal Nollag ar fáil ar €18 anseo ó Sómas Studio.

Leicín Balla

B’fhéidir go bhfuil aithne agat ar Ghaeilgeoir a bhfuil teach nua aige agus ar mhaith leis leicín balla Gaeilge le cur ar an mballa. Tá an bailiúchán ‘Scríobh’ ar fáil anseo ar €55 ó Wild Goose Studio.

Geansaí Nollag

Tá geansaithe Nollag tar éis éirí an-choitianta le blianta beaga anuas ach uaireanta bíonn drogall ar dhaoine ceann nua a cheannach dó féin de bharr nach gcaitear é ach cúpla uair sa bhliain. Mar sin déan cineál ar an nGael i do shaol le Geansaí Nollag Gaeilge a thabhairt dó. Tá siad ar fáil anseo:

Geansaí ‘Geansaí Nollag’ ar fáil ar €25 ó Gilly and Rob anseo.

T-léine ‘Bualadh Bos Go Léir’ ar fáil ar €17.99 ó A Few Focail anseo.

Geansaí ‘Bouli’ ar fáil ó A Few Focail ar €17.99 anseo.

Níos mó