Tá lógó nua faighte ag Údarás na Gaeltachta agus an ceann a bhí acu le nach mór 25 bliain caite i dtraipisí acu.
Seo an tríú lógó a bhí ag an eagraíocht Ghaeltachta atá daichead bliain ar an bhfód i mbliana.
Mar chuid de chomóradh 40 bliain na heagraíochta a beartaíodh lógó a fháil “a thabharfadh aitheantas d’fhéiniúlacht na Gaeltachta agus do ról an Údaráis inti” le dhá scór bliain anuas.
Suaitheantas a bhí uathu a leagfadh béim “ar nuálaíocht, ar cheannródaíocht agus ról lárnach an Údaráis i ngach a tharlaíonn sa Ghaeltacht”.
Dúirt urlabhraí ón Údarás go raibh dearadh an lógó nua “bunaithe ar an gcoincheap gur áit shainiúil í an Ghaeltacht agus go bhfuil Údarás na Gaeltachta fite fuaite i chuile ghné de shaol sin na Gaeltachta”.
Dúirt sé go raibh “cruth láidir, glan agus soiléir” ag an lógó ar chosúil é le “marcóir digiteach ar mhapa” rud a “cheanglaíonn” an tÚdarás “go dlúth leis an gceantar ar a bhfuil sé ag freastal”.
Mhaígh sé go dtugann an fíochán nó an sníomh atá ar na línte ag bun an mharcóra le fios “go bhfuil an eagraíocht fite fuaite i ngach a bhaineann leis an nGaeltacht” agus go dtugann an lógó “nod” freisin do chuid d’earnálacha traidisiúnta na Gaeltachta ar nós na fíodóireachta.
Ní raibh Údarás na Gaeltachta sásta a rá cén costas a bhí ar an lógó nua nó cén comhlacht a fostaíodh chun é a dhearadh.
“Fostaíodh comhlacht dearadh grafach a raibh aithne fhorleathan acu ar obair na heagraíochta agus a raibh taithí agus speisialtóireacht acu i gcúrsaí brandála.
“Níl sé cuí ag an staid seo ainm an chomhlachta ná an costas a caitheadh leis a shonrú de bharr leochaileacht tráchtála. É sin ráite is féidir a dhearbhú gur déanadh an obair dheartha ar chostas íseal agus fíor-réasúnach,” a dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta.
Dhá lógó a bhí ag Údarás na Gaeltachta go dtí seo, ceann a d’eascair ó bhrandáil Ghaeltarra Éireann a bhí ann nuair a bunaíodh an eagraíocht i 1980. Forbraíodh branda nua don eagraíocht i 1996.
Is de réir a chéile a chuirfear lógó nua an Údaráis ag obair, a dúradh. Sa réimse digiteach is túisce a fheicfear é, ar shuíomh idirlín nua na heagraíochta mar shampla.