![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-nios-mo-daoine-basaithe-de-dheasca-covid-19-na-mar-a-maraiodh-le-linn-na-dtriobloidi](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F12%2F32465-nios-mo-daoine-basaithe-de-dheasca-covid-19-na-mar-a-maraiodh-le-linn-na-dtriobloidi.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=709ae0df)
Níos mó daoine básaithe de dheasca Covid-19 ná mar a maraíodh le linn na dTrioblóidí
Tá níos mó daoine in Éirinn tar éis bás a fháil de dheasca an víris chorónaigh ná mar a maraíodh o thús deireadh na dTrioblóidí ó 1969 go 1998. De réir na bhfigiúirí is deireanaí a d’eisigh na rialtais ó thuaidh agus ó dheas, tá 3,537 duine in Éirinn tar éis bás a fháil de dheasca Covid-19 – 1,311 sa Tuaisceart agus 2,226 sa gcuid eile den tír.
Fágann sé sin go bhfuil níos mó daoine tar éis bás a fháil mar gheall ar an víreas nua le deich mí anuas ná mar a maraíodh le linn na dtríocha bliain a bhí na Trioblóidí ar siúl. Is deacair greim a fháil ar staitisticí cruinne faoi líon na ndaoine a maraíodh le linn na coimhlinte, thuaidh agus theas, ach tugtar an figiúr 3,532, idir chomraiceoirí agus shibhialtaigh, ar an suíomh ‘Conflict Archive on the Internet’ – tionscadal de chuid Ollscoil Uladh.
Fógraíodh 2,143 cás nua den víreas corónach sa Tuaisceart inniu – an líon is mó cásanna in aon lá amháin ó thús na paindéime. Ba i mBéal Feirste a tuairiscíodh an chéad chás den víreas in Éirinn i mí an Mhárta agus bhí 70,905 cás sa réigiún ó shin.
Ar an taobh eile den teorainn, fógraíodh 1,718 cás den víreas tráthnóna – i bhfad níos mó ná an 1,546 cás a fógraíodh inné. Tá líon iomlán na gcásanna ó dheas anois níos mó ná 90,000. Thuairiscigh NPHET 13 bás eile inniu freisin, rud a thug líon iomlán na mbásanna os cionn an fhigiúir a luann Ollscoil Uladh leis na Trioblóidí.
Tá an dá réigiún faoi dhianghlasáil arís agus srianta Leibhéal 5 díreach fógartha ag an Taoiseach don chéad mhí eile.