Foilseoidh an Rialtas tráthnóna an plean náisiúnta vacsaínithe chun dul i ngleic leis an Covid-19, plean chun 14.3 milliún dáileog a cheannach ó shé chomhlacht difriúla.
€112 milliún an costas atá á lua leis na vacsaíní agus cuirfear ar fáil saor in aisce iad.
Tascfhórsa speisialta faoi chathaoirleacht Bhrian MhicCraith, ollamh agus Gaeilgeoir líofa, a d’ullmhaigh an plean a bheidh ríthábhachtach san iarracht an Covid-19 a chur faoi chois.
Luaitear sa phlean cúig cineál láithreach do dháileadh na vacsaíní – ospidéil agus ionaid sláinte eile, tithe altranais, mór-ionaid vacsaíne, clinicí dochtúirí teaghlaigh agus cógaslainne pobail.
Daoine ós cionn 65 atá ina gcónaí go fadtéarmach in ionaid chúraim agus oibrithe sláinte an chéad dá dhream a thabharfar an tsnáthaid dóibh mí Eanáir.
Meastar nach mbeidh ach líon teoranta vacsaíní ar fáil mí Eanáir agus mí Feabhra ach go mbeidh dóthain ann do na daoine a bhfuil tús áite á thabhairt dóibh.
Beidh níos mó vacsaíní ar fáil mí Mhárta, Aibreáin agus Bealtaine de réir mar a bheidh níos mó acu ar fáil ó lucht a ndéanta.
Meastar gur i ndeireadh an earraigh agus tús an samhraidh a osclófar na mór ionaid vacsaínithe in áiteanna amhail Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath.
Táthar ag súil go mbeidh córas nua ar líne ar fáil roimh dheireadh na bliana a cheadóidh do dhaoine clárú chun an chéad agus an dara dáileog den vacsaín a fháil.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “comhiarracht mhór náisiúnta” a bheadh i ndáileadh na vacsaíní. Bheadh an plean vacsaínithe “ríthábhachtach” maidir le dul i ngleic leis an Covid-19 agus deis a thabhairt do dhaoine an gnáthshaol a bhíodh acu a chaitheamh arís, a dúirt an Taoiseach.
Tosófar ar an vacsaín Pfizer/BioNTech a thabhairt do dhaoine seachtain i ndiaidh don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht a thabhairt di.
Meastar go ndéanfaidh an EMA an méid sin ar 29 Nollaig rud a fhágann go mbeidh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát luath mí Eanáir. Déanfaidh an EMA cinneadh faoi vacsaín Moderna ar an 12 Eanáir.