Tá an Rialtas le srianta nua a thabhairt isteach a fhágfaidh go ndúnfar na bialanna agus tithe tábhairne ar an 24 Nollaig agus go gcuirfear cosc ar dhaoine a gcontae a fhágáil ó mheán oíche an 26 Nollaig.
Bheadh cead ag daoine taisteal ar ais go dtí a gcontae féin ina dhiaidh sin más amhlaidh go bhfuil siad ar cuairt ar chontae eile don Nollaig.
Beidh cead ag teaghlach amháin cuairt a thabhairt chun an tí idir an 27 Nollaig agus an 1 Eanáir agus beidh cosc ar chuairteanna tí ina dhiaidh sin.
Beidh cead oscailte i gcónaí ag na siopaí ach dúnfar na gruagairí agus seirbhísí eile Déardaoin na seachtaine seo chomh maith. Dúnfar chomh maith pictiúrlanna agus gailearaithe. Fágfar cead oscailte ag ionaid aclaíochta agus beidh cead spóirt áirithe a imirt amhail galf agus leadóg.
Ar líne amháin a bheidh seirbhís eaglasta ón 26 Nollaig.
Déanfar athbhreithniú ar na srianta nua ar an 12 Eanáir.
Cuirfear síneadh leis an gcosc taistil idir Éirinn agus an Bhreatain go dtí an 31 Nollaig.
Tá sé curtha in iúl ag an bPríomhoifigeach Leighis Tony Holohan d’airí rialtais gur dóigh leis go mbeidh gá le srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach athuair tar éis na Nollag.
Tá sé ina imní go bhfuil an víreas á scaipeadh níos láidre arís i measc gach aoisghrúpla.
Idir an dá linn, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go bhfaighidh an chéad dream an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 i mbliana.
Thug an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht inné don vacsaín Pfizer/BioNTech agus táthar ag súil go ndéanfaidh siad amhlaidh i gcás vacsaín Moderna an chéad seachtain de mhí Eanáir.
D’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite an plean náisiúnta vacsaínithe chun dul i ngleic leis an Covid-19, plean chun 14.3 milliún dáileog a cheannach ó shé chomhlacht dhifriúla.
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan aréir go bhfuil cúrsaí “an-an-tromchúiseach” faoi láthair.
Dúirt an tOllamh Philip Nolan go bhfuil líon na gcásanna nua den ghalar ag fás idir 5-7% in aghaidh an lae agus go bhfuil an galar á scaipeadh níos sciobtha anois ná mar a bhí aon uair ón earrach.
Ba shoiléir, arsa Nolan, go bhfuil “an tríú maidhm” den Covid-19 againn.
D’fhéadfadh go bhfuil ráta atáirgthe an ghalair anois idir 1.5 agus 1.6, a dúirt sé.
Dúirt Nolan go bhfuil rudaí chomh holc anois i mBaile Átha Cliath is a bhí nuair ba mheasa an dara maidhm mí Dheireadh Fómhair. Fógraíodh 311 cás nua i mBaile Átha Cliath tráthnóna.
Má leanann an galar ag scaipeadh mar atá beidh 1,300 cás sa lá sa stát faoin 6 Eanáir, a deir Nolan. 1,800 cás a bheadh ann le fás 7%.
Tá NPHET ag moladh do dhaoine fanacht sa bhaile agus éirí as a bheith ag bualadh le daoine go sóisialta.