Tá gasúir scoile san Astráil ag fáil réidh do Sheachtain na Gaeilge agus míonna na bliana á bhfoghlaim acu as Gaeilge.
Scaipeadh físeán ar Facebook de dhaltaí i Scoil Stáit Yarraman in iarthar na hAstráile ag canadh míonna na bliana as Gaeilge.
Múinteoir as Éirinn, Alanna Blanch, atá i bhfeighil an ranga agus an Ghaeilge á múineadh aici do na gasúir mar chuid de scéim teangacha eile a mhúineadh do dhaltaí scoile.
Dúirt Alanna, atá ag múineadh san Astráil le ceithre bliana anuas, go raibh na gasúir ag baint an-taitneamh as na ranganna Gaeilge agus go raibh siad ar bís an teanga a fhoghlaim
Dúirt sí go raibh sé i gceist ag an rang taispeántas a dhéanamh le linn Sheachtain na Gaeilge