Tá ráite ag scipéir bád farantóireachta gur “míorúilt ó Dhia” atá ann nár bádh aon duine ag cé Inis Oírr le blianta beaga anuas.
Is é Máirtín O’Donnell an scipéir a bhí ar an mbád farantóireachta ‘Banríon na Farraige’ de chuid Aran Island Ferries nach raibh in ann teacht le cé ar an oileán maidin inné de bharr na drochaimsire.
Cé go bhfuil athfhorbairt ar an gcé geallta le blianta fada, níl tús curtha leis an obair sin go fóill agus deir O’Donnell go bhfuil baol mór ann go dtarlóidh timpiste sula gcuirfear an obair sin i gcrích.
“D’fhéadfainn leabhar a scríobh leis an méid timpistí atá tarlaithe le cúpla bliain idir daoine ag dul i bhfarraige agus chuile rud,” a dúirt O’Donnell agus é ag labhairt ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
“’Is míorúilt ó Dhia nach bhfuil duine éicint báite ar an gcéibh sin. Tarlóidh sé lá éicint agus beidh sé ródheireanach [athfhorbairt a dhéanamh] an t-am sin do chlann éicint in Inis Oírr,” a dúirt sé.
“Tá muid ag maireachtáil ar na hoileáin agus an rud is lú ar cheart a bheadh againn ná céibh shábháilte. Sin rud nach bhfuil againn faoi láthair.”
Mhínigh O’Donnell gur faoi dhó a theip ar an mbád farantóireachta dul le cé in Inis Oírr le laethanta beaga anuas, maidin Dé Sathairn seo caite agus arís inné. Deir sé gur minic a bhíonn an fhadhb chéanna ann i rith an gheimhridh de bharr farraige cháite nó gaoth aniar aduaidh.
“Nuair a thagann muid chomh fada le hInis Oírr laethanta ar nós an lae inné, b’fhearr duit fanacht taobh amuigh den chéibh ar feadh deich nóiméad, ceathrú uaire, le staidéar a dhéanamh agus le bheith cinnte go bhfuil sé sábháilte an bád a thabhairt le balla ann.
“Inné mo léan, agus is minic leis tarlú roimhe seo, ní raibh sé sábháilte agus níorbh fhéidir leis dul isteach sa gcéibh. Bhí an fharraige ag dul thar an mballa agus tonnaí uisce ag teacht anuas ar an gcéibh.”
Dúirt O’Donnell gurb iad na daoine ar an gcé féin is mó atá i mbaol nuair a bhíonn an fharraige corraithe mar a bhí inné.
“Nuair a fheiceann na daoine an bád, siúlann siad síos go dtí an chéibh, go háirid turasóirí mar ní thuigeann siad chomh dainséarach agus atá an chéibh. Bíonn tuiscint níos mó ag muintir Inis Oírr ar an dainséar atá ag baint leis an gcéibh.
“An té a bheadh ar an gcéibh inné, bheadh siad cinnte sciobtha i bhfarraige,” a dúirt sé.
Tugadh cead pleanála d’athfhorbhairt na cé in 2008 agus dúirt O’Donnell nach dtuigeann seisean ná muintir an oileáin cén fáth go bhfuil sé ag tógáil chomh fada an obair sin a chur i gcrích.
“Níl muid ag iarraidh calafort ar nós Ros a’ Mhíl nó duganna na Gaillimhe, ach céibh a bheadh sábháilte. Go mbeadh muintir Inis Oírr in ann dul síos ag an gcéibh gan aon imní a bheith orthu go mbeadh siad sciobtha isteach sa bhfarraige.”
Deir Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail go bhfuiltear fós i mbun oibre ar chás gnó do ché Inis Oírr agus dúradh go rabhthas ag súil go mbeadh an obair sin críochnaithe an mhí seo.
Tá forbairt na céibhe sin san áireamh sa liosta tograí i dTionscadail Éireann 2040.