Féile bhliantúil is ea Lá Fhéile Vailintín a ndéantar ceiliúradh air ar an 14 Feabhra. Deirtear gur eascair sé ón bhféile phágánach darbh ainm Lupercalia, féile a bhí bunaithe ar thorthúlacht. Roimh dheireadh an 5ú haois cuireadh cosc air le teacht na Críostaíochta agus tugtar “Lá Fhéile Vailintín” ar an lá ó shin amach. Ní raibh sé go dtí níos déanaí sa 4ú haois déag, áfach, gur bhain an lá go sonrach le cúrsaí grá.
D’fhéadfadh Lá Fhéile Vailintín a bheith bunaithe ar bheirt ach fiú sa lá atá inniu ann tá mearbhall ar dhaoine ó thaobh féiniúlachta Naomh Vailintín de. Déanann cuntas amháin cur síos ar Vailintín agus é ina shagart agus bhain an tImpire Claudius II an ceann dó mar gur phós sé lánúineacha le chéile go mídhleathach. Maíodh i gcuntas eile gur Easpag Therni é agus chuir Claudius II chun báis é ar imeall chathair na Róimhe.
Cad as ar tháinig traidisiún na rósanna do Lá Fhéile Vailintín? Téann an traidisiún seo siar go dtí deireadh an seachtú haois déag nuair a bhí Rí Séarlas III i réim sa tSualainn. D’fhoghlaim sé faoin ealaín nua – teanga na mbláthanna agus é ar thuras thar lear. Bhí an smaoineamh seo dírithe ar a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh trí bhláthanna gan aon fhocal a rá. Tháinig borradh faoin nós thar oíche timpeall na hEorpa. Cuireann dath agus crobhaing na mbláthanna rudaí éagsúla in iúl, mar shampla:
Rósanna dearga – Grá mo chroí thú
Rósanna buí – Cairdeas
Rósanna dubha – Caoineadh
Tá go leor bealaí le cur síos a dhéanamh ar chúrsaí grá i nGaeilge ó na téarmaí céanna go maoithneachas frithghrá. Seo cúpla ceann de na cinn is fearr linn:
Mearghrá – infatuation. Is éard atá i gceist leis an bhfocal mear ná rud éigean atá tapa nó sciobtha
Mí na meala – san am atá thart bhí sé de nós ag an lánúin nuaphósta mí a chaitheamh le chéile, deirtear go dtagann an focal ón smaoineamh gurb í an chéad mhí de phósadh an mhí is deise agus is milse.
Más rud é go bhfuil tú splanctha i ndiaidh duine éigin, ciallaíonn sé go bhfuil tú gafa leo.
Caidreamh – Relationship, Leathbhádóir – Significant other, Rómánsúil – Romantic, Cliúsaíocht – Flirting, Lovers – Leannáin, Crobhaing bláthanna – Bouquet of flowers, Dinnéar faoi sholas coinnle – a candlelit dinner, Barróg – Hug, Bosca seacláidí – Box of chocolates, Cárta vailintín – Valetine’s card.