Tá cinneadh déanta ag an Aire Oideachais Norma Foley síneadh dhá bhliain a chur leis an tréimhse atá ag scoileanna le Aitheantas Scoileanna Gaeltachta a bhaint amach.
Beidh go dtí deireadh na scoilbhliana 2023/24 ag na scoileanna anois chun a gcuid pleananna is a spriocanna a chur i gcrích faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta. An scoilbhliain 2020-21 an sprioc a bhí ag na scoileanna roimhe seo chun stádas scoil Ghaeltachta a fháil.
Na scoileanna a lorg an t-aitheantas mar scoileanna Gaeltachta bhí comhairle agus tacaíocht ar fáil dóibh agus leanfar leis an tacaíocht sin go dtí an spriocadháta nua.
Deirtear gur de bharr phaindéim an Covid-19 a rinneadh an cinneadh seo toisc nach raibh na cigirí ábalta cuairteanna a thabhairt ar na scoileanna chun measúnú a dhéanamh ar an obair agus chun comhairle a chur ar fáil.
Aithníodh chomh maith go raibh na srianta sláinte phoiblí ina mbac sna scoileanna maidir lena gclár oibre iomlán a chur i bhfeidhm agus bhí tréimhsí dianghlasála ann nuair a bhí na múinteoirí ag teagasc ón mbaile.
Sa gcéad scoilbhliain eile beidh cigirí ag bailiú fianaise ar an dul chun cinn atá déanta ag scoileanna agus cuirfear samplaí den dea-chleachtas ar fáil.
Leanfar leis na huaireanta tacaíochta teagaisc páirtaimseartha a chuirtear ar fáil do scoileanna atá rannpháirteach sa scéim.
Scoil a bhfuil níos lú ná 53 dalta inti gheobhaidh sí cúig uaire teagaisc sa bhreis agus scoil a bhfuil idir 53 agus 82 dalta ar an rolla inti gheobhaidh sí seacht n-uaire go leith breise.
Dea-scéala é sin do mhúinteoirí mar go mbeidh postanna breise ar fáil.
Tabharfar tacaíocht airgid do scoileanna le háiseanna teagaisc Gaeilge a cheannach agus beidh €1,200 le fáil i mí na Bealtaine i mbliana.
Cuirfear forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do na hoidí agus na príomhoidí agus dúshláin teanga éagsúla le sárú acu.
Chomh maith leis sin beidh an Roinn Oideachais i gcomhar le Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, COGG agus Gaeloideachas ag cur treoir ar fáil faoin mbealach is fearr le naisc agus rannpháirtíocht a chothú leis an gcoiste pleanála teanga sa cheantar.
Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta. Rinne gach ceann den 29 iarbhunscoil agus 105 den 132 bunscoil sa Ghaeltacht amhlaidh.
27 scoil a dúirt nár mhian leo a bheith ainmnithe mar scoileanna Gaeltachta. Ar na cúiseanna a luaigh siad le diúltú don scéim bhí easpa Gaeilge, cultúr agus traidisiún fada teagasc trí Bhéarla, easpa muiníne is cumais sa Ghaeilge ag múinteoirí chun tumoideachasa chur i bhfeidhm, agus toisc nach raibh ‘pobal Gaeltachta’ i gceantar na scoile. Dúradh i gcásanna áirithe nach raibh ach líon beag cainteoirí dúchais sa cheantar nó nach raibh aon chainteoir dúchais fágtha i gceantar na scoile. Bhí trí cinn de na scoileanna sin ag baint leas as Scéim na gCúntóirí Teanga.