Tá ceist na dteorainneacha Gaeltachta ardaithe ag iar-aire Gaeltachta agus é den tuairim gur cheart idirdhealú a dhéanamh idir na ceantair is láidre agus na ceantair is laige ó thaobh na teanga.
Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh sé in am na ceantair Ghaeltachta a leagan amach ar bhonn teangeolaíochta seachas ar bhonn tíreolaíochta, moladh a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a foilsíodh nuair a bhí Ó Cuív féin ina Aire Gaeltachta.
Deir Éamon Ó Cuív go bhfuil réiteach na bhfadhbanna atá sa Ghaeltacht á dhéanamh “i bhfad níos deacra” mar nach bhfuil idirdhealú á dhéanamh idir ceantair ina bhfuil an Ghaeilge láidir agus ceantair atá níos cosúla leis an gcuid eile den tír ó thaobh labhairt na teanga.
“Go dtí go n-éireoidh linn déileáil leis an gceist sin, feictear domsa go bhfuil muid ag seachaint buncheist ollmhór a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi, luath nó mall,” a dúirt an Teachta Dála agus iar-aire.
Bhí Ó Cuív ag labhairt sa Dáil le linn an phlé ar an mBille Teanga nua. Is é ceann de phríomhchuspóirí an bhille ná go mbeadh seirbhísí ón stát ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta.
Deir Ó Cuív nach bhfuil an chiall chéanna leis ‘An Ghaeltacht’ sa reachtaíocht is a bheadh ag go leor daoine léi.
“Tá muid, inár gcloigne, ag caint ar Bhaile an Fheirtéaraigh, ar Ghaoth Dobhair agus ar dheisceart Chonamara, ach ó thaobh an dlí de caithfidh muid bheith cúramach nach bhfuil muid ag caint ar rud éigin difriúil.
“Go fírinneach, tá roinnt áirithe ‘Gaeltachtaí’ nach bhfuil níos mó Gaeilge iontu ná mar atá sa chuid eile den tír. Tá cuid acu a bhfuil níos lú Gaeilge iontu ná mar atá sa chuid eile den tír.”
Deir Ó Cuív go gcaithfear díriú ar na seirbhísí ón stát i nGaeilge a chur ar fáil ar dtús sna ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh na teanga sin.
Chun é sin a chinntiú, mhol sé go bhfillfí ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, a rinne ceantair Ghaeltachta a rangú idir Catagóir A, B agus C. Níor leanadh an múnla sin nuair a tugadh isteach na limistéir pleanála teanga Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Bhí an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch bunaithe ar fhaisnéis a bhain le torthaí daonáireamh agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Níl an cur chuige sin in úsáid ag an Rialtas níos mó, áfach.
“Ceapaim féin, luath nó mall, go gcaithfear dul ar ais, breathnú ar an staidéar teangeolaíochta agus a rá aon cheantar a bheadh, mar a dúirt siad siúd, ina ‘A’ Gaeltacht, beidh an sprioc seo le baint amach ag a leithéid d’am ach, i gceantar nach bhfuil aon difríocht idir é agus ceantar taobh amuigh den Ghaeltacht, nach mbeadh an sprioc chomh huaillmhianach,” a dúirt Ó Cuív.
“Sé sin go ndíreodh tú i dtosach na hacmhainní atá agat ar na ceantair ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáththeanga laethúil dáiríre dáiríre.”
Mhol Ó Cuív don Aire Stáit Jack Chambers an scéal a fhiosrú roimh an gcéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga, Céim na Tuarascála.
Tá sé de chumhacht ag aon Aire Gaeltachta leasú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta, mar a leagadh amach in Acht na Gaeltachta 1956, deis nár thapaigh aon Aire Gaeltachta go dtí seo, Éamon Ó Cuív ina measc.
Dúirt Ó Cuív go raibh fadhbanna ann le teorainneacha na Gaeltachta ó bunaíodh iad, ach go bhfuil sé in am iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an scéal.
“Is rud é go bhfuil muid ar fad ag streachailt leis ar feadh 30 nó 40 bliain. Tugann reachtaíocht mar seo an cheist chun cinn agus, dar liomsa, luath nó mall, caithfidh muid sainaithint a dhéanamh ar ‘An Ghaeltacht’ a thagann le teangeolaíocht.”
Dúirt Ó Cuív go bhfuil díomá air nach bhfuiltear imithe i ngleic leis an bhfadhb roimhe seo agus go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantair láidre Ghaeltachta agus sna ceantair atá “idir eatarthu” ach aghaidh a thabhairt ar an gceist.